Dún Eoghanachta
Lios a ainmníodh in ómós an teaghlaigh chumhachtaigh a raibh smacht acu ar an oileán tráth dá raibh
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Dún Eoghanachta atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Dún Eoghanachta
Tá Dún Eoghanachta, caiseal ón luath-mheánaois, suite i mbaile fearainn Eoghanachta, ainmnithe in ómós ríshliocht cumhachtach Mhumhan a rialaigh an t-oileán agus formhór na Mumhan ón bpríomhchathair sa Chaiseal, i gCo. Thiobraid Árann ag tús thréimhse na meánaoise. Seans gur tógadh an dún thart ar A.D. 900 agus is balla amháin ciorclach atá ann, suas le 5m ar airde agus 4.75m ar tiús.
Léirigh tochailtí a rinneadh gur ith muintir Eoghanachta neart mairteola, caoireola agus sliogéisc, agus gur ith siad muiceoil uaireanta, agus go mbíodh fia rua agus lao mara acu ach gurbh annamh a tharla sé sin. Ar ndóigh ba mhór i gceist na fionnachtana a rinneadh ag an láithreán sa tréimhse sin agus ina measc tá sceana agus bioranna iarainn, chomh maith le cloichíní ómra. Bhí líon mór ómra á iompórtáil isteach sa tír ag an Lochlannaigh ag an am, agus léiríonn sé sin go raibh Árainn mar chuid den ghréasán trádála sin ag síneadh ón Atlantach go dtí Mhuir Bhailt.
Istigh sa dún tá trí struchtúr a bhféadfadh sé go raibh siad níos óige ná an dún féin. Taispeántar le pingin ar dhath an airgid ar thángthas air ó c. A.D. 1300 go raibh an dún fós á áitiú ag an bpointe sin.
Cuidigh linn le do thoil an séadchomhartha seo a thabhairt slán le haghaidh na nglúnta oileánach agus cuairteoirí amach anseo – ná téigh in airde ar na ballaí agus ná bain aon chlocha.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Dhún Eoghanachta
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Dún Aonghasa - Seandún Cloiche
Ceann de na dúnta is suntasaí in iarthar na hEorpa
Timpeall 1.7 km ón Dún Eoghanachta
Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh Conamara - Teach na bPhiarsaigh agus Ionad Cuairteoirí
Teachín ar maos sa stair réabhlóideach agus i gcultúr na nGael
Timpeall 29.5 km ón Dún Eoghanachta
Caisleán Achadh na nIúr
Seoid stairiúil i gcroílár Chonamara
Timpeall 45.5 km ón Dún Eoghanachta
Inis Cathaigh agus an tIonad Cuairteoirí
Faigh amach faoi Stair, Miotas agus Finscéal Inis Cathaigh
Timpeall 61.2 km ón Dún Eoghanachta
Mainistir na hInse
Féach le haoibhneas ar shnoiteáin fhíoráille na hAthbheochana
Timpeall 62.4 km ón Dún Eoghanachta
Caisleán Bhaile Átha an Rí
Suaitheantas de thiarnas na Normannach
Timpeall 71.0 km ón Dún Eoghanachta