Skip to content

Oidhreacht Éireann

Mainistir Agaistíneach Chonga agus Teach Iascaireachta na Manach

Mainistir a bhfuil baint aici le hArdríthe na hÉireann

Unguided sites

Conga Theas
Contae Mhaigh Eo

Mainistir Agaistíneach Chonga agus Teach Iascaireachta na Manach

Mainistir a bhfuil baint aici le hArdríthe na hÉireann

Unguided sites

Conga Theas
Contae Mhaigh Eo

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Mainistir Chonga atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Mainistir Agaistíneach Chonga agus Teach Iascaireachta na Manach

Tá iarsmaí Mainistreach Agaistíní le fáil gar d’Abhainn Chonga, i dtailte Chaisleán Cheapach Corcóige. Bhunaigh Rí Chonnacht, Toirdhealbhach Mór Ua Conchobhair, Mainistir Chonga sa 12ú céad. Tógadh ar sheansuíomh mainistreach í, mainistir a bhunaigh Naomh Féichín sa 7ú céad.

Tá sé ráite gur loisceadh an séipéal go talamh in 1114 agus in 1137. I ndiaidh Dhíscaoileadh na Mainistreacha sna 1530idí, chuaigh an mhainistir ó dhream go dream. Ba le muintir Bingeam, muintir Uí Dhomhnaill agus muintir de Brún í ag tráthanna éagsúla. Tá tréimhsí tógála éagsúla le sonrú ar a bhfuil fágtha di inniu: an tógáil bhunaidh atá i gceist le ballaí thuaidh agus theas agus binn thoir an tséipéil agus leis an gcuid thoir thuaidh den chlabhstra; atógáil úr atá i gceist leis an gcuid eile di nach mór.

Deirtear gur chaith Ruaidrí Ua Conchobhair, Ardrí deireanach na hÉireann, deireadh a shaoil sa mhainistir.

Tá foirgneamh beag cloiche suite go hálainn thart faoi 90 méadar siar ón Mainistir. Tugtar Teach Iascaireachta na Manach air. Is ar Abhainn Chonga atá sé. Tá bearna bheag chaol san urlár le gur féidir a bheith ag gabháil don iascaireacht. Tá imlínte teallaigh sa bhalla binne thiar.

Níl díon air a thuilleadh. Gach seans go dtéadh manaigh na Mainistreach ann le faoiseamh a fháil.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Mainistir Chonga agus Teach Iascaireachta na Manach

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol