Skip to content

Oidhreacht Éireann

Caisleán Ros Comáin - Túr Thiar Theas

Caisleán Normannach drámatúil, taibhseach, ón tríú haois déag

Dúnta

Amanna oscailte go léir

Caisleán Ros Comáin - Túr Thiar Theas

Caisleán Normannach drámatúil, taibhseach, ón tríú haois déag

Dúnta

See all opening times

Ionad dúnta

Site closed for 2024 Season

Cead isteach

Saor in aisce.

Getting here

Caisleán Ros Comáin,
Páirc Loch na nÉan
Ros Comáin

Get Directions

Caisleán Ros Comáin - Túr Thiar Theas

Bhí láthair Chaisleán Ros Comáin straitéiseach agus siombalach araon. Bhí Connacht ar cheann de na ríochtaí Éireannacha deireanacha le bheith faoi riail Angla-Normannach tar éis na n-ionraí i ndeireadh an 12ú haois. Throid agus d’ainligh na ríthe cumhachtacha Ó Conchobair go polaitiúil i gcoinne na n-ionróirí ar feadh na mblianta fada i ndiaidh na n-ionraí. Faoi na 1260idí, bhí na hAngla-Normannaigh sáinnithe i gcoimhlint mharfach le hAedh, mac Fhelim Uí Chonchobair, an Rí deireanach ar Chonnachta. Ba an chrannóg anseo ar Loch na nÉan ar cheann de lucht tacaíochta traidisiúnta Uí Chonchobair. B’áit í seo a raibh neart miotaseolaíochta agus finscéalaíochta ag baint léi. Deirtear gur cuireadh príomhcharachtar na heipice mór le rá Táin Bó Cúailgne, Fergus Mac Róich, Rí Uladh, ar bhruach an locha. Deirtear freisin gur bealach isteach don Saol Eile atá ann. Ba ghníomh thar a bheith siombalach é caisleán ríoga Angla-Normannach a lonnú sa tírdhreach lán staire seo, díreach in aice le teach mhuintir Uí Chonchobair.

É sin ráite, níos lú ná céad bliain tar éis é a chur i gcrích, ghlac muintir Uí Chonchobair seilbh ar chaisleán Ros Comáin in 1340 agus bhí seilbh acu air ar feadh beagnach dhá chéad bliain. Mar sin féin, in 1569, tugadh an caisleán suas do na Sasanaigh. Ina dhiaidh sin bronnadh ar an Ridire Nicholas Malby é in 1578, a chaith na múrtha airgid ar an gcaisleán a nuachóiriú ionas go mbeadh sé oiriúnach do bhall na scothaicme Túdaraí. Tá fianaise an phróisis nuachóirithe seo le feiceáil sna fuinneoga móra dronuilleogacha, atá le feiceáil go háirithe in oirthuaisceart an chaisleáin. Thóg sé garraí daingean an-mhór, linnte éisc agus aibhinne galánta a bhfuil crainn ar gach taobh de, i dtreo bhaile Ros Comáin.

Bhí Caisleán Ros Comáin faoi léigear ag Aodh Ó Domhnaill le linn Chogadh na Naoi mBliana in 1596, agus arís in 1599. Rinneadh ionsaí ar an gcaisleán le linn Chogaí na Cónaidhme sna 1640dí. Níor stop an doirteadh fola ansin, mar ghabh fórsaí Oliver Cromwell an caisleán in 1652 agus milleadh na dúnta. Rinneadh dochar mór don chaisleán de bharr tine in 1690 agus tháinig drochbhail air le linn an 18ú agus 19ú haois.
Téigh ó thuaidh ón gcearnóg i mbaile Ros Comáin agus glac an bealach amach do shráid an Chaisleáin. Cas ar chlé síos Lána an Chaisleáin, tá páirceáil ar fáil ar an tsráid seo agus níl an caisleán ach siúlóid ghearr uaidh seo.

Uaireanta Oscailte

Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh 10:00 – 17:00

Fógra

Tá roinnt áiteanna ann nach mbeadh inrochtana do chuairteoirí a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu.
Ní mór do dhuine fásta súil a choinneáil ar pháistí an t-am ar fad.

Teagmháil

Caisleán Ros Comáin,
Páirc Loch na nÉan
Ros Comáin

Tabhair cuairt anseo

Téigh ó thuaidh ón gcearnóg i mbaile Ros Comáin agus glac an bealach amach do shráid an Chaisleáin. Cas ar chlé síos Lána an Chaisleáin, tá páirceáil ar fáil ar an tsráid seo agus níl an caisleán ach siúlóid ghearr uaidh seo.

Iompar Poiblí
Glacann sé díreach os cionn 20 nóiméad siúl chuig an gCaisleán ó Stáisiún Traenach Ros Comáin. Stopann an tseirbhís Heuston, Baile Átha Cliath – Cathair na Mart agus Béal an Átha anseo trí huaire in aghaidh an lae ar a laghad, sa dá threo, i rith na seachtaine.

Oscail suíomh i Google Maps

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Carrchlós
  • Dogs allowed
  • Clós Súgartha
  • Bealach siúil

Srianta

  • Rochtain Dúshlánach
  • Caithfidh duine fásta bheith in éineacht le leanaí i gcónaí
  • Rochtain Theoranta
  • Ná dreap

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol