Skip to content

Oidhreacht Éireann

Bóthar Iarannaoise agus Ionad Cuairteoirí na Coirre Léithe

Cosán isteach sa stair

15 Márta - 03 Samhain 2024

Amanna oscailte go léir

Bóthar Iarannaoise agus Ionad Cuairteoirí na Coirre Léithe

Cosán isteach sa stair

15 Márta - 03 Samhain 2024

See all opening times

Cead isteach

Saor in aisce

Getting here

Ionad Chonair na Coirre Léithe
Caonach
Co. Longfoirt
Contae an Longfoirt
N39 XT18

Get Directions

Follow us

Bóthar Iarannaoise agus Ionad Cuairteoirí na Coirre Léithe

Folaithe i bportaigh Longfoirt, gar do shráidbhaile Chaonaigh, tá iarsma spreagúil ón réamhstair ar a dtugtar tóchar – bóthar ón Iarannaois – a tógadh in 148 RCh. Bóthar na Lochlannach a thugtar air go háitiúil, agus is é an ceann is mó dá shórt é a nochtadh san Eoraip.

Tá staraithe ar aon fhocal agus iad ag rá gur ródbhealach an-tábhachtach a bhí ann. D’fhéadfadh sé gur bóthar searmanach a bhí ann, a cheangail Cnoc Uisnigh, lárionad deasghnách na hÉireann, agus suíomh ríoga Ráth Cruachan.

Is as cláir throma dharach a rinneadh an chonair, agus slogadh síos sa phortach iad tar éis tamall gearr. Dá bharr sin, níorbh fhéidir í a úsáid, ar ndóigh, ach mar thoradh air sin freisin, d’fhan an chonair sa phortach agus í caomhnaithe go hiomlán ar feadh dhá mhíle bliain ina dhiaidh sin.

Taobh istigh den ionad léirithe, tá stráice den déanmhas ársa adhmaid, atá 18 méadar ar fad, ar taispeáint go buan i halla a dearadh go speisialta chun é a chaomhnú. Tapaigh an deis chun an t-iarsma iontach seo ónár seanstair a fheiceáil.

Uaireanta Oscailte

15 Márta – 03 Samhain 2024

Gach lá 10:00 – 18:00

Cead isteach deireanach  17:00

Meánfhad cuairte: 1.5 uair

Teagmháil

Ionad Chonair na Coirre Léithe
Caonach
Co. Longfoirt
N39 XT18

043 3322386

Tabhair cuairt anseo

3km ó shráidbhaile Chaonach agus is féidir teacht air ón mbóthar ó Longfort go Caonach, R397.  15km ó Longfort nó ón mbóthar ó Mhuileann gCearr go Béal Átha Liag R392.

Oscail suíomh i Google Maps

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Seó Closamhairc
  • Páirceáil Rothar
  • Limistéar Picnice
  • Leithris
  • Leithreas inrochtana

Srianta

  • Bealach isteach do turas treoraithe amháin
  • Madraí ar iall

Suíomhanna cóngarach

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.