Skip to content

Oidhreacht Éireann

Mainistir Chistéirseach Chorca Mrua

Mainistir Chistéirseach a bhfuil radhairc leathanléargais ar shléibhte Bhoirne uaithi

Unguided sites

An Mhainistir Thiar, Baile Átha an Rí, Co. an Chláir

Mainistir Chistéirseach Chorca Mrua

Mainistir Chistéirseach a bhfuil radhairc leathanléargais ar shléibhte Bhoirne uaithi

Unguided sites

An Mhainistir Thiar, Baile Átha an Rí, Co. an Chláir

Áiseanna

  • Carrchlós

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Mainistir Chistéirseach Chorca Mrua atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*feadh bóthar cúng, ach intaistil, í an tslí isteach chuig an suíomh*

Mainistir Chistéirseach Chorca Mrua

Suite faoi scáth shléibhte áille Bhoirne, tá Mainistir Chorca Mrua ina seasamh ansin ón 12ú haois. Tá díospóireachtaí ann maidir leis an té a bhunaigh an Mhainistir Cistéirseach: Dónal Mór Ó Briain in 1182, nó a mhac Dónal Cairbreach c. 1195? Creideann móramh foinsí gurbh é an mac a bhunaigh é, ós rud é gurbh eisean a thug manaigh trasna ó Inis Leamhnachta.

Ba theaghlach an-chumhachtach ar fad iad muintir Uí Bhriain i gContae an Chláir, mar deirtear ní hamháin go ndeachaigh a nginealach chomh fada siar le Brian Boramha, ach le Míl Espáine is dócha, duine de Ríthe luatha na hÉireann.

Rinneadh paróiste Chorca Mrua, agus ceantar Bhoirne freisin, a roinnt idir treibheanna Uí Lochlainn agus Uí Chonchúir, ach bhí Mainistir Chorca Mrua ina luí idir críocha an dá theaghlaigh, agus is dócha gur rogha lántoiliúil agus straitéiseach de chuid mhuintir Uí Bhriain a bhí ansin, mar gur theastaigh ó Dhónal Mór a údarás a thaispeáint.

Aistríodh úinéireacht na Mainistreach go minic i ndiaidh Lánscor na Mainistreach in 1536, aistríodh an úinéireacht ar dtús chuig Muirbheach, Iarla Thuamhain sna 1550idí, agus go Dónal Ó Briain ansin in 1564 (ar tugadh Taoiseach an Chláir air freisin). Tugadh do Dhonagh Ó Briain é in 1584 agus do Richard Harding in 1611.

Tá an eaglais ar cheann de líon beag bunghnéithe na Mainistreach atá fágtha fós, ag dul siar chomh maidir leis an tréimhse idir 1210 agus 1225. Rinneadh Corca Mrua a dhearadh ar stíl ‘Scoil an Iarthair’, téarma a thagraíonn don obair a chuir saoir chloiche na linne i gcrích.

Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí obair chaomhantais ar Mhainistir Chorca Mrua in 2006.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla agus le Monastic Ireland le tuilleadh faisnéise a fháil ar Mhainistir Chistéirseach Chorca Mrua. 

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol