Skip to content

Oidhreacht Éireann

Mainistir Chistéirseach Mhainistir Chnoc Muaidhe

Bunaithe ag duine de Ríthe na hÉireann is mó a raibh eagla roimhe

Unguided sites

Mainistir Chnoc Muaidhe, Co. na Gaillimhe

Mainistir Chistéirseach Mhainistir Chnoc Muaidhe

Bunaithe ag duine de Ríthe na hÉireann is mó a raibh eagla roimhe

Unguided sites

Mainistir Chnoc Muaidhe, Co. na Gaillimhe

Áiseanna

  • Carrchlós

Srianta

  • Rochtain Dúshlánach

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Mainistir Chistéirseach Mhainistir Chnoc Muaidhe atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Is féidir dul isteach ann i rith an lae / tá carrchlós suite siúlóid ghearr ón áit, in aice leis an reilig. / Tá dreapa ann le dul isteach, thar sconsa agus trí chéimeanna*

Mainistir Chistéirseach Mhainistir Chnoc Muaidhe

Is coimpléacs eaglasta Cistéirseach nach bhfuil fágtha anois de ach fothraigh atá lonnaithe ar bhruach thuaidh Abhainn na hAbarta in oirthuaisceart Chontae na Gaillimhe é Mainistir Chnoc Muaidhe, a dtugtar Mainistir Chnoc an Bhua (Monasterium Collis Victoriæ sa Laidin) air freisin. Tá sé 12.5 ciliméadar soir ó dheas ó bhaile Thuama agus ciliméadar amháin soir ó thuaidh ó shráidbhaile Mhainistir Chnoc Muaidhe.

Ba é Cathal Crobhdhearg Ua Conchobhair (1153–1224), Rí Chonnacht a raibh faitíos ar chách roimhe agus ar mhair a réimeas fuilteach 36 bliana, a bhunaigh an mhainistir thiar in 1189/1190. I ndiaidh bhás in 1217/1218 a mhná céile, Mór Ní Bhriain, iníon an Rí Domhnall Mór Ua Briain Thuamhan, cuireadh é taobh léi sa mhainistir an 27 Bealtaine 1224, agus é gléasta, de réir Annála Connacht, in aibíd Bhráthair Proinsiasach.

Lonnaigh manaigh óna comh-mhainistir, Mainistir na Búille i gContae Ros Comáin, ann. Rinne William De Burgo í a chreachadh sa bhliain 1202 agus arís sa bhliain 1228. Sa bhliain 1240 cáineadh an tAb mar gheall gur nigh bean a chuid gruaige agus sa bhliain 1483 cuireadh i leith an Aba gur chuir sé an Mhainistir trí thine.

I ndiaidh lánscor na mainistreacha sa 16ú haois, rinne an tAb in Commendam, Aodh Ó Ceallaigh, an mhainistir a thabhairt suas do Rí Anraí VIII Shasana an 24 Bealtaine 1542. Ceapadh an Ceallach ina bhailitheoir cíosa agus bhí eaglais na mainistreach fós mar eaglais an pharóiste, agus tugadh Porta Magna (An Doras Mór) agus Teampollandorusmoir (Teampall an Dorais Mhóir) air.

Cé go dtéann formhór na bhfoirgneamh sa mhainistir siar go dtí luath sa 13ú haois, tá fianaise ann gur tugadh faoi bhreis tógála sa 15ú haois agus 16ú haois chomh maith. In eaglais na mainistreach tá meánlann leathan, saingeal, agus croslanna cúnga i dtreo an tuaiscirt agus an deiscirt a bhfuil dhá thaobhshéipéal iontu. Tá mullaigh cholúin shnoite thanaí agus fuinneog agus a haghaidh soir sa saingeal boghtaí easnacha. Bhíodh bráithre tuata na mainistreach ag adhradh sa mheánlann, agus bhíodh na manaigh ag adhradh sa saingeal.

Tá ceann snoite rí, Cathal Crobhdearg Ua Conchobair b’fhéidir, a bhfuil a shrón agus smig in easnamh agus a bhfuil a shúile, gruaig agus coróin ann fós, le feiceáil i gcúinne thiar theas na heaglaise. Is féidir líon beag snoiteán maorga eile a fheiceáil sna fothraigh freisin.

Bhí suanliosanna os cionn an tsacraistí a raibh síleáil bhoghtach iontu agus os cionn an tsaingil. Is gnéithe sa seomra caibidle boghtach iad bunfhuinneog a bhfuil trí léas agus ursaineacha múnlaithe go cúramach inti, chomh maith le dhá fhuinneog a bhfuil léas amháin agus ursaineacha atá déanta as clocha garbha iontu. Déanann trasbhallaí an seomra a roinnt ina thrí chuid.

Tá seomra téite, nó seomra lae na manach, suite taobh theas den seomra caibidle, agus tá proinnteach ag ceann theas na heaglaise. Creidtear go mbíodh seomraí na nóibhíseach in oirdheisceart an phroinntí. Tá fothraigh na mainistreach timpeall ar chlabhstra ar a thaobhanna thuaidh, thoir agus theas agus tá roinnt uaigheanna agus leaca uaighe áitiúla ann anois.

Tá clú ar Mhainistir Chnoc Muaidhe, ina bhfuil ceann amháin de cheithre cinn de shaothair ealaíne den chineál seo in Éirinn agus atá an-tábhachtach ar fad, mar gheall ar a pictiúir balla teampara, a chlúdaigh ceann thuaidh iomlán shaingeal eaglais na mainistreach tráth. Síltear go dtéann siad chomh fada siar leis an 15ú haois agus athchruthaíodh iad mar ghreantaí in ‘Antiquities of Ireland’ de chuid Edward Ledwich thiar in 1790, agus rinneadh iad a chóipeáil agus a thaispeáint ag Taispeántas Bhaile Átha Cliath in 1853. Chun na híomhánna neamhchoitianta seo a chosaint, sna 1980idí rinne Oifig na nOibreacha Poiblí an chuid sin den mhainistir ina bhfuil siad a dhéanamh díonta ar an aimsir.

Tá plaic chuimhneacháin atá snoite go hálainn i gcuimhne ar Elevina Kirwan, an dara bean chéile le Robert French ó Mhuine Mheá, Co. na Gaillimhe, le fáil sa mhainistir freisin. Ag dul siar go dtí 8 Lúnasa 1684, tá a samhaltán armais ann, chomh maith leis an mana “Laus Deo” (“A bhuí le Dia”).

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla agus le Monastic Ireland le tuilleadh faisnéise a fháil ar Mhainistir Chistéirseach Mhainistir Chnoc Muaidhe

 Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol