Na Seacht dTeampaill
Tá finscéal Bhreacáin le sonrú fós taobh istigh de na ballaí seo
Unguided sitesSrianta
- Dromchla Sleamhain
- Dromchla míchothrom
- Siúlóidí míchothrom
Tá finscéal Bhreacáin le sonrú fós taobh istigh de na ballaí seo
Unguided sitesSéadchomhartha Náisiúnta is ea suíomh na Seacht dTeampaill atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
*Eolas Sábháilteachta: Bíonn an suíomh seo faoi uisce corruair sa gheimhreadh agus féadfaidh an talamh míchothrom a bheith sleamhain nuair a bhíonn sé fliuch. Ní mór dul thar bhallaí cloiche — trí úsáid a bhaint as céimeanna cloiche agus dreapaí — chun codanna áirithe den suíomh a bhaint amach; dá bhrí sin, caithfear a bheith cúramach.*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
In ainneoin an ainm choitianta atá ar an suíomh, níl ach dhá shéipéal i measc ‘na Seacht dTeampaill’ i ndáiríre; is dócha gur lóistín le haghaidh oilithreach agus tithe amuigh na foirgnimh eile. Is eol dúinn gurbh áit thábhachtach oilithreachta Árainn cionn is gur bhronn an Pápa Pól V lánlogha, sa bhliain 1607, ar gach duine a thug cuairt ar shéipéil an oileáin ar fhéilte ar leith.
Is é Teampall Bhreacáin an foirgneamh is mó ar an suíomh; 5 mhéadar faoi 13 mhéadar atá sé. Deirtear go raibh Breacán ann sa 6ú céad; Bresal an t-ainm ceart a bhí air. De réir dán ón 15ú céad, dhíbir sé deamhan ar ar tugadh Breacán Cláiringneach as Árainn, ghlac sé seilbh ar an suíomh agus thosaigh sé ag baint úsáid as a ainm. Seans gur meafar é an scéal do thiontú suímh phágánaigh ina shuíomh Críostaí.
Is é an coirnéal thiar thuaidh an chuid is sine de Theampall Bhreacáin. Is ann atá ceann amháin de phéire ‘antae starracha’ agus saoirseacht mhór an 10ú céad. Méadaíodh an séipéal faoi dhó, agus ní ba mhó ná sin fiú, sa 13ú céad. Tá an éagsúlacht ó thaobh stíleanna tógála de le feiceáil go soiléir sa bhall thoir. Tá inscríbhinn i lár an bhalla thoir, díreach os cionn airde do chinn: OR AR II CONOIN: ‘guigh ar son na beirte canónach’.
Tá dhá leaba tríd an stua díreach siar ó Theampall Bhreacáin. Deirtear gur uaigheanna naomh iad. Leaba Bhreacáin is ea an ceann is mó den phéire lena ngabhann píosa de leac chroise ar a bhfuil ainm an naoimh. Leaba an Spioraid Naoimh is ea an ceann eile. Tá a bhfuil fágtha d’ardchros mhór i gcoirnéal amháin. Tá painéil dualaíochta ar thaobh amháin agus tá íochtar radhairc céasta Chríost ar an taobh eile.
Is ann do dhá ardchros eile ar an suíomh. Ar an taobh ó dheas ar bharr iomaire, ar leibhéal an bhóthair, rinneadh píosaí de chros a bhíodh ina seasamh anseo a stroighniú le chéile go cothrom ar an talamh sa 19ú céad. Níl ach éadan amháin le feiceáil anois dá thairbhe. Tá bloghanna de chros eile i gclós beag ó thuaidh den reilig. Bhí an chros sin thart ar 4 mhéadar ar airde a chéaduair. Tá na crosa ar nós na gceann i gCill Éinne agus i gContae an Chláir in aice láimhe ó thaobh stíle de. Is dócha go mbaineann siad leis an 11ú céad.
Tá grúpa crosleac in oirthear na reilige. Tá ceann de na hinscríbhinní is cáiliúla sa suíomh ina measc: VII ROMANI: ‘7 Rómhánach’. Uaigheanna grúpa oilithreach Rómhánach go hÁrainn atá i gceist leis an inscríbhinn sin, de réir an traidisiúin, ach d’fhéadfadh ciall eile a bheith léi chomh maith.
Táthar ag úsáid na reilige i rith an ama: cuimhnigh go mb’fhéidir go mbeidh daoine ag tabhairt cuairt ar na huaigheanna.
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Ceann de na dúnta is suntasaí in iarthar na hEorpa
Timpeall 2.4 km ón Na Seacht dTeampaill
Teachín ar maos sa stair réabhlóideach agus i gcultúr na nGael
Timpeall 28.9 km ón Na Seacht dTeampaill
Seoid stairiúil i gcroílár Chonamara
Timpeall 45.1 km ón Na Seacht dTeampaill
Faigh amach faoi Stair, Miotas agus Finscéal Inis Cathaigh
Timpeall 61.8 km ón Na Seacht dTeampaill
Féach le haoibhneas ar shnoiteáin fhíoráille na hAthbheochana
Timpeall 62.9 km ón Na Seacht dTeampaill
Suaitheantas de thiarnas na Normannach
Timpeall 70.9 km ón Na Seacht dTeampaill