Skip to content

Oidhreacht Éireann

Teampall Chiaráin

Séadchomhartha ina bhfuil leigheas ar ghéaga frithire

Unguided sites

Eochaill
Contae na Gaillimhe

Teampall Chiaráin

Séadchomhartha ina bhfuil leigheas ar ghéaga frithire

Unguided sites

Eochaill
Contae na Gaillimhe

Srianta

  • Dromchla Sleamhain
  • Dromchla míchothrom
  • Siúlóidí míchothrom

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Teampall Chiaráin atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Eolas Sábháilteachta: Tá an talamh ag an suíomh seo míchothrom agus d’fhéadfadh sé a bheith sleamhain le linn boglaigh. Bí cúramach má bhíonn tú ag trasnú teorainneacha páirce agus coinnigh ar shiúl ó bheostoc ar bith.*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Teampall Chiaráin

Tá Teampall Chiaráin suite i sráidbhaile na Mainistreach, áit a mbíodh mainistir mhór. Deirtear gurbh é Ciarán, scoláire de chuid Naomh Éanna, a bhunaigh an séipéal sa 6ú céad. Is é fothrach séipéil meánaoise an ghné is suntasaí ar an suíomh sa lá atá inniu ann. Mar sin féin, bhí go leor ag titim amach sa suíomh seo i bhfad roimhe sin, dar le tochailtí: aimsíodh teallach ón Iarannaois dhéanach (timpeall 200 AD) faoi bhallóg séipéil Luath-Chríostaí. Tógadh an séipéal atá ann faoi láthair in áit an tséipéil úd ag tús an 12ú céad, agus d’éirigh go maith leis aníos go dtí an 16ú céad. Is dócha gur cuireadh an fhuinneog chaol álainn i mballa thoir an tséipéil sa 13ú céad.

Tá leac aolchloiche ina seasamh taobh leis an séipéal. Tá poll ar a mullach agus tá ciorcal agus cros snoite go paiteanta uirthi freisin. B’fhéidir gur chlog gréine í sin, a d’úsáidtí chun uaireanta an lae ar a ndeireadh na manaigh a gcuid paidreacha a chur in iúl. De réir an tseanchais áitiúil, leigheasfaidh aon phíosa fabraice a théann tríd an bpoll géaga pianmhara.

Tá roinnt clocha crosghreanta sna páirceanna siar ón séipéal agus ó thuaidh uaidh. Is dócha go mbaineann siad le tréimhse an tseanséipéil. B’fhéidir gur theorainn iad, is teorainn a bhféadfaí tearmann a fháil laistigh di. Tá Tobar an Bhradáin le fáil siar ón séipéal. Deirtear gur tháinig iasc mór míorúilteach as an tobar sin chun Naomh Éanna agus a chuid leantóirí a bheathú.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Theampall Chiaráin

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol