Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Tuama Pasáiste Shuí Finn
*Ní Cheadaítear ach Féachaint uirthi ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Inti*
*Tá siúlóid sách deacair chomh fada leis an séadchomhartha seo*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Tuama Pasáiste Shuí Finn
Tá Tuama Pasáiste Meigiliteach suite ar mhullach Shuí Finn, atá 650 m ar airde, agus tábhacht mhiotaseolaíoch ag baint leis.
Tá cruth crosdealbhach ar an tuama, agus é faoi charn cloch. Níl an díon coirbéalta críochnaithe, agus feictear an maisiúchán ar roinnt de na liaga pasáiste. Tá dhá thaobh-sheomra ann, ceann ar gach taobh, agus tá seomra eile ar gcúl.
I dtochailtí a rinne an tOllamh McAllister in 1931 níor thángthas ar aon fhianaise de mhíreanna nó adhlacthaí taobh istigh de thuama Shuí Finn.
Tá cáil ar thuamaí pasáiste mar Shuí Finn anois mar phointí iontrála chuig an Saol Eile, de réir sheanchas na hÉireann.
Baineann ainm an tséadchomhartha – Suí Finn nó Suíochán Fhionn – leis an laoch miotaseolaíoch ó Ré na bhFianna i Miotaseolaíocht na hÉireann. Tá Suí Finn ag breathnú amach ar Ghleann an Smóil san áit is eol dúinn a mbíodh na Fianna ag seilg.
Is iomaí áit ar fud na tíre a bhfuil Suí Finn mar ainm orthu, agus tá a mbéaloideas féin a bhaineann le Fionn mac Cumhaill acu go léir.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Thuama Pasáiste Shuí Finn
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Músaem na bPiarsach agus Páirc Naomh Éanna
Caibidil fhíorshuimiúil i scéal 1916
Timpeall 13.1 km ón Tuama Pasáiste Shuí Finn
Caisleán Ráth Fearnáin
Caisleán Eilíseach ionspioráideach gar do Bhaile Átha Cliath
Timpeall 14.5 km ón Tuama Pasáiste Shuí Finn
Músaem Phríosún Chill Mhaighneann
Séadchomhartha do bhreis agus céad bliain de náisiúnachas na hÉireann
Timpeall 18.2 km ón Tuama Pasáiste Shuí Finn
Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann
Lig scíth agus déan machnamh sa séadchomhartha gairdín álainn seo
Timpeall 18.5 km ón Tuama Pasáiste Shuí Finn
Ospidéal Ríoga Cill Mhaighneann
Ceann de na foirgnimh is íocónach i mBaile Átha Cliath agus an sampla is fearr in Éirinn d’ailtireacht bhreá an 17ú haois
Timpeall 18.6 km ón Tuama Pasáiste Shuí Finn
Gairdíní Uíbh Eachach
Mothú an iontais i ngairdín rúnda Bhaile Átha Cliath
Timpeall 18.8 km ón Tuama Pasáiste Shuí Finn