Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann
Lig scíth agus déan machnamh sa séadchomhartha gairdín álainn seo
Cead isteach
Saor in aisce
Getting here
Droichead na hInse,
Baile Átha Cliath 8
Contae Bhaile Átha Cliath
D08 T20W
Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann
Tá na gairdíní seo i nDroichead na hInse, bruachbhaile i mBaile Átha Cliath, i measc na ngairdíní cuimhneacháin is aitheanta san Eoraip. Tá siad tiomnaithe i gcuimhne ar 49,400 saighdiúir Éireannach a bhásaigh sa Chéad Chogadh Domhanda. Tá ainm gach uile shaighdiúir scríofa sna lámhscríbhinní, atá maisithe go galánta ag Harry Clarke, sna seomraí leabhar eibhir.
Ní hamháin gur áit chuimhneacháin iad na gairdíní seo, is díol spéise iad ó thaobh na hailtireachta agus na háilleachta freisin. Ba é Sir Edwin Lutyens a dhear iad. Ba dhearthóir bisiúil gairdíní é Lutyens, go háirithe do chuimhneacháin chogaidh, ach fós féin níor baineadh leas as a shaineolas ach do cheithre ghairdín in Éirinn.
Bainfidh tú taitneamh as do chuairt i séasúr ar bith chun féachaint ar ghairdíní rós íslithe, ciumhsóga bláthanna agus cuid mhór crann. Tá atmaisféar sollúnta, suaimhneach sa ghairdín galánta seo, agus dá bhrí sin is áit álainn í le scíth a ligean agus machnamh a dhéanamh.
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
Gairdíní Oscailte ar feadh na Bliana (Déan teagmháil le parkmanager@opw.ie)
Oscailte: Luan – Aoine 08:00 / Satharn – Domhnach 10:00 Amanna Deiridh Gairdíní: De réir uaireanta Solas an Lae
Rochtain ar sheomraí Leabhar: trí shocrú leis an mbainistíocht áitiúil
Le haghaidh Turais Treoraithe: Ar fáil gach Céadaoin ag 11:00 ó Aibreán go Deireadh Fómhair (Déan teagmháil le phoenixparkvisitorcentre@opw.ie)
Teagmháil
Droichead na hInse,
Baile Átha Cliath 8
D08 T20W
01 677 0095 (Guided Tours) / 01 475 7816 (Grounds)
phoenixparkvisitorcentre@opw.ie (Guided Tours) / parkmanager@opw.ie (Grounds)
Tabhair cuairt anseo
An Cuarbhóthar Theas, Droichead na hInse. Bealach isteach ó Bhóthar Choinn Colbaird agus an Cuarbhóthar Theas (taobh Pháirc an Fhionnuisce)
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Carrchlós
- Turais threoraithe
- Bealach abhann
Srianta
Suíomhanna cóngarach
Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann
Músaem Phríosún Chill Mhaighneann
Séadchomhartha do bhreis agus céad bliain de náisiúnachas na hÉireann
Timpeall 0.5 km ón Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann
Ospidéal Ríoga Cill Mhaighneann
Ceann de na foirgnimh is íocónach i mBaile Átha Cliath agus an sampla is fearr in Éirinn d’ailtireacht bhreá an 17ú haois
Timpeall 0.9 km ón Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann
Páirc an Fhionnuisce - Gairdíní Bláthanna an Phobail
Bain sult as bhláthshaothrú Victeoiriach den scoth
Timpeall 1.0 km ón Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann