Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Caisleán Parke (7)

  1. Ionad Cuairteoirí

    Ionad Cuairteoirí

    Beidh fáilte chroíúil romhat san Ionad Cuairteoirí. Tosaigh do chuairt anseo agus faigh amach faoi gach rud atá le feiceáil agus le déanamh. Breathnaigh le haoibhneas ar an staighre bíseach déanta as dair Éireannach atá ar thaobh na láimhe clé. Ná déan dearmad glaoch isteach arís sula bhfágfaidh tú – cuirfidh ár dtreoracha léarscáileanna agus faisnéis ar fáil duit ionas gur féidir leat gach atá le fáil sa cheantar a fhiosrú.

  2. Tóg Turas Treoraithe

    Tóg Turas Treoraithe

    Faigh amach faoi stair theaghlaigh Uí Rúairc agus Parke agus an saol mar a bhí sa séú haois déag agus sa seachtú haois déag. Breathnaigh ar an iliomad taispeántán taobh istigh de bhallaí an chaisleáin. Téigh ag spaisteoireacht timpeall an ghairdín nó breathnaigh ar an áit ar líonn daoine an teach allais le gall tráth.

  3. Draíocht an Scáileáin

    Draíocht an Scáileáin

    Suigh síos agus féach ar ár ngearrscannán faoi stair agus oidhreacht an réigiúin, Stone by Stone. Éist le guth W.B. Yeats ag aithris a dhán ‘The Lake Isle of Innisfree’ agus lig dá chuid filíochta áilleacht Loch Gile agus an ceantar máguaird a chur in aithne duit.

  4. Uchtbhallaí láidre

    Uchtbhallaí láidre

    Seas ar chosán bhalla an chaisleáin, féach amach thar na huchtbhallaí agus tabhair cead a cinn do do shamhlaíocht. Samhlaigh tú féin mar bhean nó tiarna ón seachtú haois déag, agus tú i do chónaí  sa chaisleán agus ag baint taitneamh as radharcanna áille thar Loch Gile. B’fhéidir go bhféadfá tú féin a shamhlú mar fhile cosúil le Yeats agus inspioráid a fháil ón tírdhreach.

    Cibé áit a dtógann do shamhlaíocht tú, tóg nóiméad agus lean í!

  5. Taispeántas An-Spéisiúil

    Taispeántas An-Spéisiúil

    Ar chuala tú trácht ar na Dreoilíní riamh? Faigh amach fúthu agus faoi go leor eile agus tú ag dul tríd an taispeántas iontach d’fhoirgnimh dúchasacha an iarthuaiscirt. Faigh amach faoin saol agus na traidisiúin áitiúla a bhain le teach traidisiúnta Éireannach sna 1900idí.

  6. Aimsigh an Pictiúr

    Aimsigh an Pictiúr

    Is mór an spraoi é ár tóraíocht phictiúr do leanaí de gach aois. Féach ar a gcuid sceitimíní agus iad ag fiosrú an chaisleáin, ag foghlaim gach rud faoina stair ar an mbealach!

  7. Seachtain Oidhreachta

    Seachtain Oidhreachta

    Bain sult as an iliomad imeachtaí suimiúla agus éagsúla a bhíonn ar siúl anseo le linn Seachtain Oidhreachta. Lig do scíth agus bain taitneamh as fuaim an cheoil thraidisiúnta agus seinm na gcláirsí sa Fleiteach álainn, ciúin, atmaisféarach. Glac páirt i gceann dár gceardlanna, cainteanna nó imeachtaí do leanaí. Tabhair leat picnic agus lig do scíth le clan agus cairde sa ghairdín ag breathnú amach ar an loch. Cá bhfios cé a chasfar ort!

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.