Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Mainistir na hInse (5)

  1. An Stair ar Scannán

    An Stair ar Scannán

    Is áit iontach é Mainistir na hInse chun grianghraif iontacha a thógáil. Is ábhar foirfe í an ailtireacht shuaithinseach. Dírigh do lionsa ar an bhfuinneog iontach Gotach thoir sa seangal, ar stíleanna éagsúla na bhfuinneog sa chroslann, ar an stua clabhstra nó ar na snoiteáin ón gcúigiú haois déag ar an meánlann. Ansin zúmáil amach chun an reilig a ghabháil lena chrann feá rua agus radhairc iontacha den láithreán ina iomláine.

  2. Bí ag Sceitseáil

    Bí ag Sceitseáil

    Glacann an mhainistir páirt i Lá Tarraingthe Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann gach Bealtaine. Mar sin féin, tá fáilte romhat i gcónaí d’ábhair ealaíne a thabhairt leat agus a bheith cruthaitheach. Níl aon ghanntanas gnéithe tarraingteacha le tarraingt nó le péinteáil.

  3. Féach ar na Leaca Uaighe

    Féach ar na Leaca Uaighe

    Tá níos mó ná 300 cloch greanta i reilig na mainistreach. Téann na cinn is sine siar go dtí na 1600í, agus tá an chuid is mó acu ón ochtú haois déag agus ón naoú haois déag. Bhí na leaca uaighe seo snoite ag saoir chloiche áitiúla agus tá go leor sonraí maisiúla suntasacha orthu. Insíonn said cuid de scéal an bhaile, agus a phobal, anuas na cianta – ó manaigh agus sagairt an mhainistir, go tobacadóirí, oifigigh phoiblí agus saighdiúirí. Is iad na leaca uaighe sa sacraistí na cinn is fearr caomhnaithe agus is éasca le déanamh amach.

  4. Freastal ar Ócáid

    Freastal ar Ócáid

    Bíonn imeachtaí ar súil le haghaidh Seachtain Oidhreachta, Lá Tarraingthe, Seachtain um Aosú Dearfach, Oíche Chultúir agus go leor féilte agus clár eile. Iarr ar na treoraithe cad atá beartaithe againn, nó bí ag faire amach ar shuíomh gréasáin Seachtain Oidhreachta agus ar na meáin shóisialta.

  5. Labhair lenár dTreoraithe

    Labhair lenár dTreoraithe

    Beidh na treoraithe ag Mainistir na hInse an-sásta do cheisteanna uile a bhaineann le stair shaibhir agus gnéithe suimiúla an láithreáin a fhreagairt. Táimid anseo chun go mbeidh do chúirt chomh taitneamhach agus chomh faisnéiseach agus is féidir leis bheith, mar sin ná bíodh aon leisce ort teacht agus comhrá a dhéanamh linn.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.