Skip to content

Oidhreacht Éireann

An Dún Beag

Séadchomhartha ar imeall an domhain

Unguided sites

Fán
Contae Chiarraí

An Dún Beag

Séadchomhartha ar imeall an domhain

Unguided sites

Fán
Contae Chiarraí

Srianta

  • Fan ar ais ón imeall

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea An Dún Beag atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Ní féidir dul isteach go dtí an Dún Beag.

Mar gheall ar shuíomh an Dúin seo gar d’imeall aille, ní féidir breathnú air ach i bhfad uait. Tá siúlbhealach fálaithe timpeall ar an Dún a thugann deis do chuairteoirí féachaint air go sábháilte.*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

An Dún Beag

Gobann dún cinn tíre an Dúna Bhig ó dheas isteach i gCuan an Daingin ar shlí Cheann Sléibhe ó Dhún Chaoin go Ceann Trá agus radhairc aoibhne ann ar Sceilg Mhíchíl agus ar Dhairbhre. Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí tochailt mhór ar Dhún Beag in 1977, faoi stiúir an Ollaimh Terry Barry as Coláiste na Tríonóide, chun iarracht a dhéanamh léargas a thabhairt ar an gcineál áitíochta agus ar a croineolaíocht. Bhí gá leis sin toisc diaidh ar ndiaidh go bhfuil an Dún Beag ag titim isteach san fharraige, i ngeall ar chreimeadh mór agus ar stoirmeacha.

Tá an méid seo a leanas tógtha ó thorthaí na tochailte a rinne Terry Barry:

‘Tá ceithre shraith bruacha, cúig chlais, agus claí cloiche singile taobh istigh le bealach isteach casta agus dhá sheomra gardála ar gach aon taobh de. Síneann uaimh thalún faoin gcabhsa ón mbealach isteach sin, agus tá clochán singil taobh istigh. Tá na bruacha ardaithe suas 1m os cionn leibhéal na talún agus tá siad suas le 3m ar leithead. Tá na claiseanna idir .98 go dtí 1.55m domhain faoi dhromchla leibhéal na seantalún agus iad idir 5.6 agus 12m ar leithead. Luíonn codanna den dá bhruach taobh amuigh lasmuigh de bhalla teorann a tógadh sna 1890idí, agus is ar éigean atá a líne le feiceáil anois. Tá roinnt briseanna beaga i mbarr na mbruach, agus seans go bhfuil siad ann toisc gur baineadh claíocha Thuaidh-Theas na páirce a bhí ag dul trasna na gcosaintí roimhe seo. Thángthas ar rianta beaga de phailis ar an mbarr ó thuaidh den bhruach is faide isteach agus b’fhéidir feadh aghaidh thuaidh an chéad bhruaigh eile. Is cosúil freisin go raibh clocha ar aghaidh thaobhanna thuaidh an dá bhruach freisin.

Thug cabhsa sa lár, 1.2m ar leithead, rochtain ar an taobh istigh. Bhí leaca ina seasamh ar gach taobh de sin agus tá cúpla ceann acu sin fós le feiceáil i dtreo an taoibh ó dheas. Síneann an claí cloiche taobh istigh, atá suas le 6.35m ar tiús agus 3.08m ar airde, thar an dún cinn tíre ar feadh 29m. Níl anseo ach thart ar leath an achair a thaifead Du Noyer (1858, 2) in 1856, tá go leor den bhalla Thiar tite isteach san fharraige. Is cosúil go raibh dhá chéim i gceist leis an tógáil. Léirítear Céim 1 leis an gcuid istigh den bhalla; tá sé sin 4.8m ar leithead agus 2.76m ar airde agus tá trí shraith ann feadh a aghaidh istigh. Tá an pasáiste iontrála ina bhfuil fardoras 2m ar leithead agus 2.3m ar airde le taobh-bhallaí atá coirbéalta de bheagán. Tá dhá sheomra bheaga istigh i dtiús an bhalla ar gach aon taobh de sin. Tá siad 2.3 x 1.4m x beagnach 2m ar airde (seomra thoir) agus 2.4 x 1m x 1.2m ar airde (seomra thiar). Bhí ceann de na seomraí sin oscailte ag an mbarr timpeall ar 1865, agus seans gur athchóiríodh iad ina dhiaidh sin (Pitt-Rivers).

Is féidir dul isteach sa dá sheomra ó thaobh istigh an dúnfoirt. Osclaíonn poill chró do bharra adhmaid dorais a ghabhann trasna an phasáiste iontrála isteach sna seomraí, rud a thugann smacht do cibé duine a bhí taobh istigh ar an rochtain ar an dúnfort. Scoilt leac mhullaigh sheachtrach an phasáiste níos déanaí agus cuireadh colúin isteach ar an mballa thoir mar thaca. Cuireadh síneadh amach freisin ar an bpasáiste, agus laghdaíodh leithead agus airde an phasáiste go dtí .92m agus 1.24m faoi seach. Cuireadh poill bharra nua ar fáil sa bhealach isteach ar cuireadh an síneadh leis, agus rabóidí cloch seachtracha ann le haghaidh doras adhmaid. Doimhníodh an chlais in aice láimhe an tráth céanna. Rinneadh carn den ithir a tugadh aníos i gcoinne aghaidh amuigh an bhalla cosanta mar chroí an bhalla treisithe a bhí idir 1.75 agus 2.25m ar leithead agus 1.9m ar airde. Mar gheall ar an meáchan breise, cuireadh taca le haghaidh istigh na claise le balla coinneála le cloch shingil. Tá críochfort cuartha ar thaobh thoir an bhalla cosanta faoi láthair agus bhí críochfort den chineál céanna ag an taobh thiar de sular creimeadh é.

Ní fios go fóill cén gaol croineolaíoch a bhí idir iad sin agus an príomhbhalla cosanta. Tugann na pleananna agus na tuairiscí is túisce ón láthair le fios go raibh balla díreach ann ag dul ó imeall amháin den aill go dtí imeall eile (Du Noyer 1858; Pitt-Rivers c. 1865). Bhí claíocha ag síneadh níos déanaí feadh imeall an dúin cinn tíre ó gach taobh den bhalla cosanta. Dar le Barry go bhféadfadh sé go ndearna na fir oibre a bhí ag gabháil don obair atógála sna 1890idí botún sa mhéid go mb’fhéidir gur cheap siad gur chuid den bhalla cosanta bunaidh a bhí sna hiarsmaí de na ballaí níos déanaí seo agus go ndearna siad iad a atógáil mar sin. Síneann uaimh thalún a tógadh le cloch shingil ar feadh 16.5m ón taobh istigh den phasáiste iontrála go dtí thart ar 2m ó dheas d’aghaidh istigh bhruach 2. Tá sé 1m ar leithead agus 1m ar airde ar feadh fhormhór a fhaid.

Tá bealach isteach trí thaisme 3m ó thuaidh d’aghaidh amuigh an bhalla cosanta, agus díreach ó dheas de sin tógann an uaimh thalún casadh géar siar ó dheas agus laghdaítear go dtí .5m ar leithead agus ar airde é. Tá acomhal an dá chuid marcáilte le dhá liag sheasta mhóra atá ar aon airde le hairde iomlán na mballaí. Gabhann cosán leacach ó mbealach isteach sa bhalla cosanta chuig clochán taobh istigh den dúnfort. Tá cuid de forshrathnaithe ag draein a bhfuil clocha ar gach taobh de a ritheann ar an taobh amuigh den chlochán go dtí imeall na haille. Tá an clochán, atá i bhfoirm ciorcail taobh amuigh agus dronuilleogach ar an taobh istigh, 7.5m ar leithead agus 2.3m ar airde ar a mhéid. Tá aghaidh an fhardorais siar ó thuaidh agus, thart ar leath bealaigh ar an dá thaobh, tá clocha ann mar thaca do dhoras agus tá dhá pholl barra tarraingthe tagtha slán freisin.

Léiríonn na pleananna agus na tuairiscí is túisce den láthair go raibh struchtúr ní ba chasta anseo, ina raibh dhá chlochán cónasctha nó clochán singil le píosaí inmheánacha á dheighilt (Du Noyer 1858, 3; Dunraven 1875, 21; Pitt-Rivers c. 1865). Mar sin féin, taispeántar i bplean Deane ó 1893 an struchtúr mar atá sé inniu. B’fhéidir nach raibh an deighilt sin ann ach mar fhoscadáin do chaoirigh níos déanaí a tógadh laistigh de fhothracha an chlocháin, agus más ea, b’fhéidir gur baineadh iad roimh 1893 le linn obair athchóirithe a rinne Oifig na nOibreacha Poiblí.’[1]

 

Bhí daoine ina gcónaí ar Dhún Beag ina dhá shruth, mar a taispeánadh sa tochailt a rinneadh ar an gclochán. Is cloch shingil atá sa chlochán ach tugtar clocháin choirceogacha orthu freisin, agus is gnách leo a bheith in iardheisceart na hÉireann. Bhí ceangal acu le háit reiligiúnach agus thuata. Bhí an chéad sruth áitíochta dírithe ar theallach beag gar don bhalla ó dheas. Tugann scata poll le fios go raibh seastán éigin ann mar thaca ag potaí nó craicne os cionn na tine. Taispeántar leis an anailís ar smionagar na háitíochta gur ghabhair, muca, caoirigh agus roinnt eallach a bhí á n-ithe den chuid is mó.

Thángthas ar chnámha éan, iasc, caorach, fia agus muc. Ceapadh nár cuireadh díon riamh ar an gclochán mar gheall ar a mhéid. In ionad sin, ceaptar gur greamaíodh struchtúir mar a bheadh brácaí ann den chlochán agus taca acu ó phoill cuaillí a d’fhéadfaí a chur suas ar gach taobh de agus ballaí caolaigh á ndeighilt óna chéile.

Ní cosúil go raibh aon duine i bhfad ag cur fúthu ann, agus tuairimí ann gur in éigeandálaí amháin a úsáideadh an clochán. Maidir lena dhátú, níorbh fhéidir teacht ar aon rud a bheadh in ann dáta cruinn a thabhairt. Mar sin féin le dátú radacarbóin meastar gur tharla an chéad áitíocht ann in 900 ± 65 A.D agus an dara sruth timpeall ar 990 ± 100 A.D., dá bhrí sin, gur sa 10ú agus 11ú haois a bhí daoine ag cur fúthu ann.

An dáta is túisce atá luaite le Dún Beag is ea 580 ± 35 B.C a tháinig ó dhátú radacarbóin a rinneadh ar shraith ghualach a cheaptar a bhí ó dhó fál caolaigh.

In 1858, rinne George Victor Du Noyer MRIA (péintéir, geolaí agus ársaitheoir Éireannach) nótaí agus sceitsí de Dhún Beag mar a bhí ag an am. In 1897 nótálann Thomas Westropp agus an tOllamh R.A.S. MacAlister in 1896 agus 1898 gur cailleadh codanna de Dhún Beag, agus aibhsíodh creimeadh an láithreáin arís in 1915. Níos déanaí anuas in 2017, thaifead Tionscadal CHERISH athruithe ar an suíomh trí shuirbhéanna dróin agus scanadh léasair a dhéantar go rialta.

[1] Barry, T.B. 1981 Archaeological excavations at Dunbeg promontory fort, Co. Kerry, 1977. Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann 81 C, 295-330.

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol