Skip to content

Oidhreacht Éireann

Ardchrosa Áth Eine

Ardchrosa atá mar chuid de Ghrúpa Osraí

Unguided sites

Áth Eine
Contae Thiobraid Árann

Ardchrosa Áth Eine

Ardchrosa atá mar chuid de Ghrúpa Osraí

Unguided sites

Áth Eine
Contae Thiobraid Árann

Fógra

Is Séadchomharthaí Náisiúnta faoi úinéireacht an stáit iad Ardchrosa Áth Eine atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Ardchrosa Áth Eine

Tá na hardchrosa seo ó Áth Eine mar chuid de ghrúpa ardchros a aithnítear laistigh de ríocht mheánaoiseach Osraí. Ar cheantair eile a bhfuil ardchrosa iontu, tá Cill Chiaráin, Tiobra Fhachna, Cill Lamraí agus Cill Rí – ar a dtugtar Grúpa Osraí nuair a thógtar le chéile iad. Tráth thréimhse luath-mheánaoiseach na hÉireann, bhí Ríocht Osraí ina stát cumhachtach eadrána idir Ríocht Laighean ó thuaidh agus Eoghanacht ó thiar.

Bhí muintir Osraí ina gcónaí i Ríocht Osraí a bhí á rialú ag Dál Birn, ón 1ú haois go dtí an t-ionradh Angla-Normannach ar Éirinn sa 12ú haois. Bhí Gilla Patráic mac Donnchada ina rí ar Osraí ó 976 go 996, agus Mac Giolla Phádraig de chuid Osraí a thug a shliocht orthu féin, (Mac le Móidín Naomh Pádraig), nó Fitzpatrick mar a thugtar i mBéarla air. Thugtaí Mac Giolla Phádraig ar Bernard Fitzpatrick, 2ú Barún Bhaile an Chaisleáin agus Osraí Uachtarach, a bhí pósta ar Clare St. Leger ó Chúirt Dhún ar Aill i gCorcaigh, go dtí go bhfuair sé bás in 1937.

Tá dhá ardchros Áth Eine le fáil i suíomh mainistreach Chill Chlispín, 7km ó Charraig na Siúire, Tiobraid Árann agus a théann siar go dtí an 8ú haois. Tháinig an dá ardchros in áit cros adhmaid a bhí ann roimhe sin. Tá an chéad ardchros, ar a dtugtar an chros thuaidh, suite ar fhána thoir atá os comhair reilig Chill Chlispín. Tá an ardchros sin, déanta as gaineamhchloch, 3.65m ar airde agus tá liag mhullaigh chónúil uirthi, a shíltear a léiríonn mítéar easpaig. Tá an ardchros ar fad maisithe le dearaí mionsaothraithe infheicthe. Ag tosú ag an mbonn géar, tá na ceithre thaobh maisithe. Feictear slua le carbad ar an taobh ó thuaidh; corp gan cheann ar bharr capaill agus éin ag ionsaí an chorpáin agus feictear fear ar gcúl ag iompar cinn ar an taobh ó dheas, á mhíniú freisin mar Dháiví ag tabhairt Góiliat sáraithe go hIarúsailéim; léirítear Adam ag ainmniú ainmhithe ar an taobh thoir, agus ceaptar go léirítear misean de na haspail leis na seacht nduine a bhfuil clócaí orthu agus maidí á n-iompair acu ar an taobh thiar. Tugann a siombalachas agus a ceardaíocht léargas iontach ar luath-Chríostaíocht na hÉireann.

Tá an dara hardchros, ar a dtugtar an chros ó dheas, 3.35m ar airde agus tá sé deartha mar ardchros fháinneach ar a bhfuil liag mhullaigh chónúil íseal. Mar is amhlaidh leis an gcéad ardchros, tá sé snoite as gaineamhchloch agus tá sé thar a bheith maisithe. Tá an bonn snoite go mion ar na ceithre thaobh agus gach taobh roinnte ina dhá thaobh ag rilíf chroise. Ar an taobh ó thuaidh léirítear radharc seilge; leanann an radharc sin ar aghaidh ar an taobh ó dheas agus duine ag titim; léirítear ar an aghaidh thoir go bhfuil Dainéil in uaimh na leon; ar an taobh thiar tá snoíodóireacht ach tá sí róchaite anois le brí a bhaint aisti.

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol