Skip to content

Oidhreacht Éireann

Ardeaglais agus Ardchrosa Chill Fhionnúrach

Cill Fhionnúrach: cathair cháiliúil na n ardchros

Unguided sites

Cill Fhionnúrach, Contae an Chláir

Ardeaglais agus Ardchrosa Chill Fhionnúrach

Cill Fhionnúrach: cathair cháiliúil na n ardchros

Unguided sites

Cill Fhionnúrach, Contae an Chláir

Áiseanna

  • Carrchlós

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Ardeaglais Chill Fhionnúrach atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

Amanna Oscailte: Luan – Domhnach: 10 – 5

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Ardeaglais agus Ardchrosa Chill Fhionnúrach

Séipéal Eaglais na hÉireann is ea Ardeaglais Chill Fhionnúrach. Baineann sí leis an tréimhse idir deireadh na 1100idí agus 1200. Bhíodh mainistir — a bunaigh Naomh Fachtna thart faoin 6ú haois — ar an suíomh a chéaduair.

Tá stair mhillteanach mhí-ámharach ag Cill Fhionnúrach: de réir na tagartha is luaithe don séipéal sna hannála, dhóigh Muirchertach Ua Briain séipéal na mainistreach sa bhliain 1055 (tharla sé sin sular tógadh an struchtúr atá ann faoi láthair). Deisíodh é an bhliain dár gcionn ach creachadh an séipéal in 1079. Ansin, dódh de thimpiste é sa bhliain 1100. Tógadh an foirgneamh atá le feiceáil inniu de réir na stíle idirthréimhsí — tá meascán de theicnící traidisiúnta agus nua-aimseartha le sonrú ann.

Tugadh stádas deoise d’Ardeaglais Chill Fhionnúrach ag Sionad Cheanannais sa bhliain 1152. Táthar den tuairim gur cruthaíodh na hardchrosa, as a bhfuil clú ar Chill Fhionnúrach, chun an ócáid shona sin a chomóradh. Is féidir an chros is cáiliúla, Cros Uí Dhuartaigh, a fheiceáil inniu. Cuireadh le chéile arís í óna blúirí briste. Tá an áit is fearr aici faoi dhíon gloine athchóirithe ‘Séipéal na Maighdine’ — téarma a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar shéipéal atá tiomnaithe don Mhaighdean Mhuire.

Cuireadh Séipéal na Maighdine leis an Ardeaglais ní b’fhaide anonn. Cuireadh an díon gloine in airde in 2004/2005 chun an saingeal agus na hardchrosa a chosaint. Ar Chros cháiliúil Uí Dhuartaigh tá íomhá de Naomh Peadar agus beirt fhíoracha á mbeannú aige; deirtear gur easpag agus ab iad na fíoracha úd. Tá sé ráite go léiríonn an chros seo, mar aon lena híomhá, ardú céime na hArdeaglaise ó stádas mainistreach go stádas deoise.

Tugtar cathair na seacht gcros ar Chill Fhionnúrach sa lá atá inniu ann. Tá ceann de na bailiúcháin ardchros is mó in Éirinn le fáil anseo.

Tá Ionad Bhoirne díreach in aice leis an Ardeaglais, áit ar féidir léirmhíniú a fháil ar an láithreán agus ar mhórcheantar Bhoirne. Úsáidtear Séipéal na Maighdine i gcomhair shearmanais Eaglais na hÉireann anois agus arís. Bíonn ceolchoirmeacha ann freisin corruair.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Ardeaglais Chill Fhionnúrach

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol