Ardeaglais, Cloigtheach, agus Aireagal Airde Móire
Bunaithe ag Naomh Éireannach Luath, Naomh Déaglán
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Aird Mhór atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Ardeaglais, Cloigtheach, agus Aireagal Airde Móire
Tá Ardeaglais, Cloigtheach, agus Aireagal Airde Móire i Mainistir Naomh Déaglán siar ó dheas ón Aird Mhór, Co. Phort Láirge. Bunaithe ag naomh Éireannach luath, Naomh Déaglán sa 5ú haois
Tógadh ardeaglais Airde Móire idir 1170 agus 1210. Tá sé taifeadta go bhfuair Moel-ettrim Ó Duibhe-rathra bás in 1203, tar éis tógáil na heaglaise a thabhairt chun críche. Tá stuaraí Rómhánúla le feiceáil i gcorp na heaglaise, is é sin sraith d’áirsí leanúnacha, agus roinnt téamaí Críostaí snoite isteach sna clocha. I measc cuid de na léirithe tá Ádhamh agus Éabha, Breithiúnas ar Sholamh, agus Adhradh na Saoithe. Tá dhá cheann de na trí chloch Oghaim sa saingeal, agus tá seacht leac uaighe mheánaoiseacha agus caipín bunaidh an chloigthí i gcorp na heaglaise.
Is le teicnící agus dearadh an 12ú haois atá an cloigtheach a bhfuil ceithre hurlár ann agus tá sé 30m ar airde. Chaomhnaigh an tUasal Odell an túr sna 1840í. Téitear isteach sa chloigtheach go seachtrach le dréimire chun an chéad urlár a bhaint amach. Tá roinnt de na coirbéil tacaíochta inmheánacha snoite le aghaidheanna uafara. Ag barr an túir, sonraíonn ceithre fhuinneog príomhaird an chompáis. Chiallaigh cloigtheach a bheith ag an mainistir go raibh an mhainistir thar a bheith saibhir.
Rinne an Dochtúir Thomas Mills, Easpag Phort Láirge, athchóiriú ar Aireagal Naomh Déaglán sa bhliain 1716, agus tá sé slán dá bharr. Bhain cuid den athchóiriú leis an doras ó thuaidh a chur isteach, an doras bunaidh ag an taobh thiar, athchóiríodh an díon cloiche, atógadh an fhuinneog thoir, agus baineadh cloch Oghaim de cheann na binne thoir. Ceapadh go traidisiúnta gurbh é uaigh Naomh Déaglán é agus gurbh í an áit a bhfuarthas cloch bheag dhubh a raibh cros inscríofa uirthi sa bhliain 1860 ach atá caillte anois.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Ardeaglais agus Cloigtheach Airde Móire
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Dhún Garbhán
Turas ar ais chuig tús riail na nAngla-Normannach in Éirinn
Timpeall 17.0 km ón Ardeaglais, Cloigtheach, agus Aireagal Airde Móire
Caisleán Chúirt an Bharraigh
Túrtheach breá Éireannach a bhfuil lorg catha air
Timpeall 37.2 km ón Ardeaglais, Cloigtheach, agus Aireagal Airde Móire
Crannlann agus Gairdíní Fhóite
Téigh ag fámaireacht thart ar ósais oileánda de fhlóra neamhchoitianta andúchasacha
Timpeall 40.7 km ón Ardeaglais, Cloigtheach, agus Aireagal Airde Móire
Daingean an Phríomhgharda
Teach cúirte a bhfuil na céadta bliain den stair faoina chuid áirsí
Timpeall 44.8 km ón Ardeaglais, Cloigtheach, agus Aireagal Airde Móire
An Teachín Eilvéiseach
Fantaisíocht aoibhinn faoi shaol na tuaithe
Timpeall 47.3 km ón Ardeaglais, Cloigtheach, agus Aireagal Airde Móire
Caisleán Urmhumhan
Aimsigh seoid Thúdarach
Timpeall 48.9 km ón Ardeaglais, Cloigtheach, agus Aireagal Airde Móire