Baile Eaglasta Thigh Moling
Láthair mhainistreach a bhfuil nasc leis an bhfinscéalaíocht ann
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Tigh Moling atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
Uaireanta Oscailte: Dé Máirt agus Dé Céadaoin 09:30 – 17:00 / Dé Domhnaigh 14:00 – 17:00
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Baile Eaglasta Thigh Moling
Tá sráidbhaile Thigh Moling suite ar bhruacha na Bearú, agus clú air as a stair eaglasta shuntasach. Tá sé ar cheann de na suíomhanna seandálaíochta is tábhachtaí sa tír, in éineacht le Gleann Dá Loch agus Cluain Mhic Nóis.
Bhunaigh Naomh Moling an láthair mhainistreach sa 7ú haois, agus is áit oilithreachta é ó shin i leith. Bailíonn cuairteoirí thart ar an tobar beannaithe mar gheall ar an leigheas atá luaite leis. Tá iarsmaí ó neart tréimhsí i Stair na hÉireann ar an sráidbhaile, ina measc: lonnaíocht mhanachúil luath-Chríostaí, Móta agus Bábhún Normannach, chomh maith le reilig, inar cuireadh iad siúd a bhí páirteach in Éirí Amach 1798.
I measc iarsmaí an tsráidbhaile, tá: cloigtheach, tobar beannaithe, muileann, agus sé shéipéal. Téann an séipéal is sine díobh siar go dtí an 10ú nó 11ú haois.
De réir an traidisiúin, téann stair Thigh Moling níos faide siar fós, agus baint ag Fionn Mac Cumhaill leis an mbaile. Tá sé ráite gur fhan sé ann chun a chuid leantóirí a thabhairt le chéile ar an mbealach ó thuaidh, ag dul chun troda.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Bhaile Eaglasta Thigh Moling
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Mainistir Chistéirseach Sheireapúin
Ceann de na fothracha Cistéirseacha is breátha in Éirinn
Timpeall 15.6 km ón Baile Eaglasta Thigh Moling
Teampall Mhuire, Gabhrán
Eaglais in bhfuil clocha oghaim, samhlacha de ridirí agus cuimhneacháin nuachlasaiceacha
Timpeall 17.8 km ón Baile Eaglasta Thigh Moling
Crannlann agus Páirc Chuimhneacháin JFK
Crannlann atá ar mhéid uachtaránachta.
Timpeall 18.9 km ón Baile Eaglasta Thigh Moling
Prióireacht Cheanannais
Tabhair cuairt ar an suíomh eaglasta iata is mó in Éirinn
Timpeall 23.4 km ón Baile Eaglasta Thigh Moling
Caisleán Bhaile Hac
Faigh blaiseadh de shaol na Meánaoiseanna
Timpeall 27.4 km ón Baile Eaglasta Thigh Moling
Caisleán Chill Chainnigh
An tseoid is luachmhaire i gcathair dhraíochtúil mheánaoiseach
Timpeall 27.9 km ón Baile Eaglasta Thigh Moling