Skip to content

Oidhreacht Éireann

Caisleán agus Túirín an Teampaill Loiscthe

Caisleán a ainmníodh i ndiaidh an scriosta a rinneadh air

Unguided sites

Farmley, Contae Chill Chainnigh

Caisleán agus Túirín an Teampaill Loiscthe

Caisleán a ainmníodh i ndiaidh an scriosta a rinneadh air

Unguided sites

Farmley, Contae Chill Chainnigh

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Caisleán an Teampaill Loiscthe atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

Ní Cheadaítear ach Féachaint air ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Ann

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Caisleán agus Túirín an Teampaill Loiscthe

Thóg muintir Mhic Gearailt (a raibh an sloinne Barún/Ó Bearáin orthu freisin) Caisleán an Teampaill Loiscthe sa 15ú nó sa 16ú haois. Tá sé suite i mbaile fearainn Farmley, 10.2 ciliméadar (6.4 míle) siar ó dheas ó Chathair Chill Chainnigh. Is ar thailte seaneastáit mhóir Farmley atá sé. Bhí an caisleán á áitiú go leanúnach go dtí tús an 19ú haois.

Cill Dalláin (Séipéal Dhalláin) an t‑ainm a bhí ar an Teampall Loiscthe a chéaduair. Bhunaigh Naomh Dallán (530 AD-598 AD) é sa 6ú haois. De bharr ghalldú an ainm Gaeilge ní b’fhaide anonn, bhí litriú de chineálacha difriúla ann  — fearacht Kiltranyn, Kiltranen, Kyltranyn, Kiltranye agus Kiltranyheyn — ach dealraíonn sé gurb é Killtrani an leagan is luaithe ar taifead, sa bhliain 1225 AD.

De réir a bhfuil sna taifid, dhóigh an Rí Roibeard Brús Cill Dalláin (ar ar tugadh an Teampall Loiscthe ina dhiaidh sin, nó Ecclesia Cremata agus Ecclesia Combusta sa Laidin) sa bhliain 1316 le linn mháirseáil a airm Albanaigh trí Chill Chainnigh. Luadh an Teampall Loiscthe mar ainm air den chéad uair ag tús an 15ú haois.

An 12 Feabhra 1526, cheap Peadar Rua, Iarla Urumhan, Rólann Mac Muiris, Barún “de Ecclesia Cremata”, an t‑aturnae seo aige, chun séiplínigh áirithe a chur “in seisin”, téarma a chuireann seilbh dhleathach ar fhíofa feodach in iúl.

Chuaigh duine de na húinéirí ní b’fhaide anonn, Risteard Mac Gearailt (nó Risteard Barún), le Gluaiseacht na Comhdhála. Sa bhliain 1653, faoi riail Chromail, chaill sé a eastát agus bronnadh ar an gCoirnéal William Warden é, lenar áiríodh 244 acra den Teampall Loiscthe, agus cuireadh an Gearailteach go Connachta in 1654. De bharr cleamhnais, aistríodh an réadmhaoin píosa ina dhiaidh sin chuig muintir Uí Mhaoltuile. Bhí an Ró-Onórach Anraí Ó Maoltuile (1732-1791) ina dhuine mór le rá den teaghlach úd.

Cé go raibh sé suite i mbaile fearainn an Teampaill Loiscthe ag an tús, rinne úinéirí eastát Farmley a réadmhaoin a leathnú soir faoi na 1880idí; leathnaíodh baile fearainn Farmley leis. Thógadar aibhinne fada ó shráidbhaile an Teampaill Loiscthe, tríd an bhfearann páirce, go dtí doras tosaigh an phríomhthí cónaithe. Ina dhiaidh sin, sheas an caisleán agus an túirín ag geata isteach an aibhinne sin.

Maidir leis an gcaisleán féin, tá sé urlár agus mórán seomraí agus pasáistí ann, lena n‑áirítear seomra rúnda. Baintear an seomra sin amach trí theacht anuas ón gceathrú hurlár. Ár chlé ón doras a bhfuil a aghaidh ó thuaidh, téann staighre díreach cloiche suas trí thiús na mballaí. Tharraingíodh simléar cruinn toit aníos ó na tinteáin mhóra sna príomhsheomraí suí ar an gceathrú agus ar an gcúigiú hurlár. Tá síleáil bhoghtach sa chúigiú hurlár, an príomhspás cónaithe. Tá an tinteán ar nós thinteán Chaisleán Chláraigh, soir ó Chathair Chill Chainnigh. Tá matal cloiche millteanach mór air. Lasann fuinneoga muilleanacha dhá léas ar a bhfuil ceann címe agus fuinneoga dronuilleogacha aon léis amháin na príomhsheomraí.

Bhíothas ábalta na siúláin bharrbhalla chosanta dhá leibhéal, a bhí faoi chíor lámhaigh, a bhaint amach trí staighre inmheánach i dtrí cinn de na cúinní. Ar thaobh an chaisleáin a bhfuil a aghaidh ó thuaidh agus ar thaobh an chaisleáin a bhfuil a aghaidh ó dheas, leathnaíodh na ballaí in airde chun túiríní dronuilleogacha a chruthú ar fud an chaisleáin. Tá poll an uafáis le fáil ar leibhéal an dín go díreach os cionn an dorais isteach a bhfuil a aghaidh ó thuaidh. Tá scoilteanna saighead cloiche, atá ag caolú aníos, dála na gceann i gCaisleán an Tulcháin i Lios Scoilbín, Contae Thiobraid Árann, suite go straitéiseach ar gach leibhéal urláir de cheithre bhalla an chaisleáin.

Bhí codanna den bhalla bábhúin a théadh thart ar Chaisleán an Teampaill Loiscthe fós ina seasamh in 1851 ach níl siad ann a thuilleadh. Tá a imlíne bheacht le feiceáil ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis ó na 1830idí. Bhíodh sé nasctha leis an túirín ciorclach breathnóireachta agus cosanta (12.5 méadar/41 troigh ar airde) atá ina sheasamh díreach ó thuaidh den chaisleán.

Tá Tobar Beannaithe i lár bhaile fearainn an Teampaill Loiscthe ar a dtugtar ‘Tobar San Dallán’ atá tiomnaithe don naomh.

Tá an Ró-Onórach Anraí Ó Maoltuile as Farmley — óráidí, státaire agus tírghráthóir Éireannach — curtha sa reilig atá tadhlach leis.

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol