Skip to content

Oidhreacht Éireann

Caisleán Chonaithe

Caisleán ar iomaí duine a raibh seilbh acu air le himeacht na mblianta

Unguided sites

Conaithe
Contae Chorcaí

Caisleán Chonaithe

Caisleán ar iomaí duine a raibh seilbh acu air le himeacht na mblianta

Unguided sites

Conaithe
Contae Chorcaí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi úinéireacht an stáit é Caisleán Chonaithe atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Ní Cheadaítear ach Féachaint air ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Ann*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Caisleán Chonaithe

Tá Caisleán Chonaithe suite os cionn leathaill aolchloiche ghéar agus radharc as amach ar abhainn na Bríde agus ar shráidbhaile Chonaithe. Tógadh an túrtheach cúig stór seo timpeall ar an mbliain 1560 don Ridire Tomás Rua Mac Gearailt, mac Iarla an tSúgáin, Séamus Mac Thomáis Mac Gearailt.

Bhí an bealach isteach a bhí ann ó thús ar leibhéal na talún agus bhí an doras suite ar an mballa thoir, tá poll an gheata sparraí iarrainn fós ann. Doras cosanta lasmuigh a bhí sa gheata sparraí iarrainn a bhí déanta as barraí iarrainn buaile laitíse. Tá forsheomra beag ar urlár na talún trína dtéann duine chuig an bpríomhsheomra ar urlár na talún. Tá an dearadh scoilte céanna sna fuinneoga ar an leibhéal seo, agus fuinneog amháin ar gach balla, cé is moite den bhalla ó dheas, a bhfuil dhá fhuinneog air. Tá an príomhstraighre cloiche bíseach suite san fhorsheomra agus is ón staighre sin a bhítear in ann dul chomh fada leis na hurláir uachtair ar fad.

Is cosúil go ndearnadh athdhearadh ar an seomra ar an gcéad urlár agus gur bogadh fuinneoga agus tinteáin agus gur dúnadh iad. Síleáil bhoghtaí atá ann, ag úsáid gnáthstíl tógála na tréimhse: an chaoladóireacht. Tá seomra múrach díreach trasna ón gcéad urlár sin.

Faigheann an seomra ar an dara hurlár solas ó na fuinneoga ar na ballaí uilig cé is moite den bhalla ar an taobh thoir den seomra. Ceann címe atá ar na fuinneoga sin. Tá tinteán ar an mballa ó thuaidh, agus dhá sheomra mhúracha amach as an seomra dara hurlár seo.

Tá solas isteach sa seomra ar an tríú hurlár cosúil leis sin ar an dara hurlár, agus na fuinneoga ar na ballaí ar fad seachas an balla ar an taobh thoir. Tá boghta caoladóireachta lasnairde agus tá seomra múrach taobh istigh de thiús an bhalla thoir.

Stopann an staighre cloiche bíseach ar urlár na talún ag an seomra ar an gceathrú hurlár. Tá fuinneog cheann címe dhúbailte sa bhalla thoir i lár an tseomra seo a thugann solas dó. Tá na ballaí eile ar fad cosúil le fuinneog an bhalla thoir le dhá fhuinneog ar an mballa ó dheas, ar ballaí iad atá tógtha as an nua. Tá seomra múrach caol amach ón bpríomhsheomra sin agus clóiséad, á shoilsiú ag fuinneog scoilte sa bhalla thoir. Sroichtear barr an túrthí trí staighre bíseach ón seomra ar an gceathrú hurlár.

Ba é an Ridire Tomás Rua Mac Gearailt, an mac ba shine ag 14ú Iarla Dheasumhan, an duine deiridh de chlann Mhic Gearailt a chuir fúthu ag Caisleán Chonaithe agus fuair sé bás sa chaisleán in 1595. I lámha Iarla mór Chorcaí, Risteard Ó Baoill, a bhí an caisleán ansin, agus dheisigh seisean é in 1620. Tar éis do James Tuchet, 3ú Iarla Ghleann Bearcháin an caisleán a ghabháil in 1645 – a bhí i gceannas ar thrúpaí na Comhdhála Éireannaí le linn chogaí na Comhdhála – bhí an caisleán faoi cheannas Edward Germaine, ach lasadh é in 1653. Triúr iníonacha Germaine: Avis, Joanna, agus Jane, maraíodh an triúr sa tine. In 1851 cheannaigh L’Esrange an caisleán, agus ba ghearr go raibh a theaghlach siúd ina dtiarnaí talún ar an gceantar. Ba é a mac an tUrramach Alfred Guy Kingan úinéir deiridh an chaisleáin. Rinne an t-urramach roinnt athchóirithe ar dhaingean an chaisleáin agus cheadaigh sé don phobal dul isteach ann ach suim bheag airgid a íoc. Bhásaigh an tUrramach L’Esrange in 1915, agus d’fhág sé an caisleán agus an talamh bán ag an mbord rialtais áitiúil d’Éirinn. Agus leis sin bhí Caisleán Chonaithe ar an gcéad mhaoin dá chineál a fágadh le huacht ag an Stát.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chaisleán Chonaithe

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol