Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Caisleán Dhún Mór
*Ní Cheadaítear ach Féachaint air ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Ann*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Caisleán Dhún Mór
Suíonn Caisleán Dhún Mór ar chnocán beag 1km ó thuaidh de bhaile stairiúil Dhún Mór. An cur síos is fearr ar an láithreán is ea gur caisleán é lena bhain go leor tréimhsí, toisc gur tógadh go leor leaganacha de ó c.1225 suas go dtí an 19ú haois tráth ar thit sé as a chéile. Inniu, is féidir le duine creatlach de dhaingean dronuilleogach a fheiceáil atá 14m x 8.2m, cúig stór ar airde le bun-bhatar mór. Ba chuid de chosaint an chaisleáin é sin, chomh maith le bheith mar bhealach isteach ann, toisc gurbh é an balla ar an taobh thoir ar an gcéad urlár an doras tosaigh. Bhíothas in ann dul isteach ansin ag úsáid staighre ón taobh amuigh, le dhá pholl bíoma a bhí le feiceáil mar thaca ag an gcreatlach.
I measc roinnt de na gnéithe ailtireachta atá fós slán inniu tá dhá fhuinneog mhuilleanacha le múnláil chumhdaigh sa bhalla ó dheas, cúig thinteán agus fuinneoigín cruinn ar an mballa ó thuaidh.
Ceaptar gur thóg teaghlach de Birmingham an caisleán bunaidh timpeall ar an mbliain 1225 agus is acusan a bhí tiarnas mhainéar Birmingham ar feadh 400 bliain. Le linn do Anraí II ionradh a dhéanamh ar Éirinn in 1172, ar ar tugadh Ionradh na Normannach ar Éirinn, tá an Ridire William de Birmingham agus a mhac Roibeard liostaithe i measc na Normannach a thug cúnamh do Strongbow thar ceann Anraí II. Dá bharr sin bhí an teaghlach mar thiarnaí ar mhainéar Bharúntacht Bhaile Átha an Rí ina dhiaidh sin. Ba é Roibeard an chéad Bharún ar Bhaile Átha an Rí, agus Barún Bhaile Átha an Rí ar cheann de na teidil ba shine i dTiarnas na hÉireann. Fuair Thomas Bermingham, Barún deiridh Bhaile Átha an Rí bás an 11 Eanáir 1799, agus d’imigh an teideal in éineacht leis.
D’fhág roinnt ionsaithe ar an gcaisleán gur tógadh agus gur atógadh roinnt leaganacha den Dún Mór. D’ionsaigh agus las na Conchubhair an caisleán in 1249. Chuir teaghlaigh Uí Fhloinn an caisleán faoi léigear in 1284. In 1315 rinneadh damáiste air le linn fheachtas de Brús. Bhí an 16ú haois sách ciúin tráth ar atógadh an caisleán agus cuireadh urlár nua leis. Thóg an Ridire Henry Sidney, Fear Ionaid na hÉireann, an caisleán ó theaghlach de Birmingham toisc gur éirigh siad amach in aghaidh an Bhanríon Eilís I in 1569, ach fuair siad ar ais é ina dhiaidh sin. Le concas Chromail ar Éirinn (1649-1653) chaill teaghlach de Birmingham smacht ar an gcaisleán sa deireadh. Is ag an am sin a cuireadh tús leis an mbaint a bhí ag teaghlach Ouseley le stair Chaisleán Dhún Mór. Ba thiarnaí talún agus seanmóirí mór le rá a bhí i dteaghlach Ouseley ar feadh an 18ú agus 19ú haois sa limistéar seo de Ghaillimh. Rugadh an seanmóirí cáiliúil Meitidisteach Gideon Ouseley sa Dún Mór in 1762. Tugtar ‘Aspal na hÉireann’ de chuid an Mheitidistigh ar Gideon mar gheall go raibh an Ghaeilge ar a thoil aige, agus go raibh sé diongbháilte daoine eile a iompú ar an gcreideamh, agus thug sé suas le scór seanmóir sa tseachtain, agus é ag marcaíocht ar chapall bán! Forléasadh Caisleán Dhún Mór i lár an 19ú haois, go dtí gur thóg an stát ar lámh é.
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Bhaile Átha an Rí
Suaitheantas de thiarnas na Normannach
Timpeall 36.0 km ón Caisleán Dhún Mór
Caisleán Ros Comáin - Túr Thiar Theas
Caisleán Normannach drámatúil, taibhseach, ón tríú haois déag
Timpeall 37.0 km ón Caisleán Dhún Mór
Ionad Cuairteoirí Ráth Cruachan
Lean lorg na Banríona Medb ag príomhchathair ársa Chonnacht
Timpeall 37.3 km ón Caisleán Dhún Mór
Caisleán Achadh na nIúr
Seoid stairiúil i gcroílár Chonamara
Timpeall 41.3 km ón Caisleán Dhún Mór
Mainistir Na Búille
Téigh siar i stair na mainistreacha in Éirinn
Timpeall 49.2 km ón Caisleán Dhún Mór
Bóthar Iarannaoise agus Ionad Cuairteoirí na Coirre Léithe
Cosán isteach sa stair
Timpeall 60.0 km ón Caisleán Dhún Mór