Skip to content

Oidhreacht Éireann

Caisleán Ghleann Eidhneach

Caisleán a tógadh do mhuintir Mhic Lochlainn sa Bhoirinn

Unguided sites

Gleann Eidhneach Thuaidh
Contae an Chláir
["549"]

Caisleán Ghleann Eidhneach

Caisleán a tógadh do mhuintir Mhic Lochlainn sa Bhoirinn

Unguided sites

Gleann Eidhneach Thuaidh
Contae an Chláir
["549"]

Fógra

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Caisleán Ghleann Eidhneach

Stair Chaisleán Ghleann Eidhneach, túrtheach ón sé haois déag atá suite i bhfad ó thuaidh den Bhoirinn i gContae an Chláir, agus a thugann léargas spéisiúil ar stair pholaitiúil, eacnamaíoch agus shóisialta an réigiúin sin i dtréimhsí na meánaoise agus na luath-nua-aoise. Bhí feidhmeanna cónaitheacha agus cosanta ag na túrthithe a thóg teaghlaigh chumhachtacha na nGael – muintir Mhic Lochlainn sa chás seo.

Ba de shliocht theaghlach Corcomrad iad muintir Mhic Lochlainn, agus in ainneoin cheannasacht Ríthe Uí Bhriain Thuamhan sa Chlár ón 12ú go dtí an 16ú haois, ba leis na Lochlainn píosaí móra den talamh i mbarúntacht Bhoirne, agus bhí smacht acu air. Sna meánaoiseanna thug na Lochlainn ‘Ríthe Bhoirne’ orthu féin, agus in 1268 mharaigh na Lochlainn an Rí Conchubhair Rua Ó Briain a meastar gur chath idir na teaghlaigh féin a bhí ann.

Bhí go leor gníomhaíocht eacnamaíoch sa Bhoirinn sa tréimhse mheánaoiseach. Tá fianaise ann go raibh tionscal mór próiseála olann ann chomh maith leis an bhfeirmeoireacht déiríochta. Bhí an fata faoi bhláth san ithir aigéadach. Bhíodh coimhlintí cumhachta ann go minic idir teaghlaigh Ghaelacha éagsúla sna tréimhsí meánaoise agus luath-nua-aoise sa Chlár agus bhíodh easaontas ann ar uairibh freisin le luchtanna ón taobh amuigh, cuir i gcás clann Normannach De Clare.

Faoin am ar tógadh Caisleán Ghleann Eidhneach, bhí seasamh daingean ag muintir Uí Bhriain mar Ríthe Thuamhan. Bhí na teaghlaigh Ghaelacha eile mór le rá sa Chlár, cosúil le muintir Mhic Lochlainn, Mhic Fhlannchadha agus muintir Mhic Conmara mar theaghlaigh a bhí faoi mhuintir Uí Bhriain, ach bhí na Lochlainn go háirithe fós an-chumhachtach i dtuaisceart an Chláir, agus bhí cuid den talamh ab fhearr sa Bhoirinn ina seilbh.

Ar ndóigh thug Caisleán Ghleann Eidhneach, túrtheach mór, cumhachtach, teachtaireacht láidir faoi stádas theaghlach Mhic Lochlainn. Léirigh na gnéithe cosanta an chogaíocht agus an míshuaimhneas a tháinig leis na coimhlintí cumhachta éagsúla sa Chlár le linn na meánaoise. Bhí Caisleán Ghleann Eidhneach ar cheann de roinnt túrtheach a tógadh sa Bhoirinn le linn na ré sin, agus d’fhág méid agus cruth neamhghnách ‘L’ an fhoirgnimh gur sheas sé amach. Ba é áit chónaithe agus daingean mhuintir Mhic Lochlainn é go dtí go maith isteach sa séú haois déag. Faoin tráth sin, bhí a gceannas caillte ag na Ríthe agus na Tiarnaí Gaelacha de réir mar a daingníodh an ghreim a bhí ag coróin Shasana ar an tír seo. Thug go leor uaisle Gaelacha, muintir Uí Bhriain ina measc, isteach don Choróin agus don Phrotastúnachas agus ceadaíodh dóibh a dtalamh a choinneáil mar gheall air sin.

Bhí roinnt de theaghlach na Lochlainn, fós ina gCaitlicigh, áfach. Sna cúpla céad bliain fíochmhar a lean an tréimhse sin bhí áitritheoirí éagsúla ag cur fúthu i gCaisleán Ghleann Eidhneach ach bhí na Lochlainn ag cur fúthu ann arís sa 19ú haois. Ní raibh na péindlíthe a rinne eisreachtú go bunúsach ar an gCaitliceachas chomh géar ag an am, agus bhí roinnt de theaghlach Mhic Lochlainn, an dlíodóir an Ridire Mícheál Mac Lochlainn, ar an gcéad Chaitliceach in Éirinn a fuair oifig Mháistir na Rollaí.

In 1842, scríobh an t-iriseoir Thomas L. Cooke faoin taisteal a rinne sé sa Bhoirinn, agus rinne sé cur síos ar Chaisleán Ghleann Eidhneach:

“Ag dul dom thar chosán, thar pháirceanna glasa, ón séipéal i dtreo an chósta, shroich mé Caisleán Ghleann Eidhneach, foirgneamh slachtmhar agus maorga lá dá raibh, ach atá faoi cheann tuí anois, agus in úsáid mar chró ag an Uasal Blood, an t-úinéir.”

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol