Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Caisleán Léim an Eich
*Ní Cheadaítear ach Féachaint air ón Taobh Amuigh (Ó Chian); Ní Cheadaítear Dul Isteach ar an Talamh ná sa Réadmhaoin*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Caisleán Léim an Eich
Gabhann dhá chuid le Caisleán Léim an Eich. Tá túr cúig stór sa chéad chuid, is túr a thóg Toirdhealbhach Donn Ó Briain ag deireadh na 1400idí. Ba eisean Rí Thuamhan ag an am. Tá sa dara cuid an túrtheach ceithre stór a tógadh siar ón túr. Ba iad Conchubhar Ó Briain agus a bhean chéile, Máire Nic Mhathúna (nó Máire Rua mar is fearr aithne uirthi i mbéaloideas na tíre), a thóg an foirgneamh úd sa bhliain 1648.
Is iomaí scéal atá ann faoi Mháire Rua agus Caisleán Léim an Eich: de réir seanscéalta áirithe i mbailiúchán béaloidis Dúchas, ba ‘tíoránaigh’ iad Máire agus a fear céile. Deirtear go bhfuil “caisleán Mháire Rua déanta d’fhuil agus de mhoirtéal — gach duine ar rug sí orthu ag dul ar an mbóthar chuir sí a buíon saighdiúirí amach chun iad a mharú agus a gcuid fola a chur ar na ballaí.”
Insíonn seanscéal eile an méid seo dúinn: nuair a fuair an dara fear céile a bhí aici (Conchubhar Ó Briain) bás tar éis dó troid i gcoinne ghinearál Chromail, Ludlow, chuaigh Máire amach an lá dár gcionn chun saighdiúir Cromalach a phósadh lena chinntiú nach mbainfidís a cuid tailte di agus go mbeadh sí ábalta iad a bhronnadh ar a mac, Donnchadh. Deirtear gur chiceáil sí an tríú fear céile sin amach as fuinneog uachtair ní ba dhéanaí de bhrí go ndúirt sé rudaí gránna faoina dara fear céile.
De réir foinse amháin, is ionann ainm an chaisleáin i mBéarla agus leagan galldaithe de Léim an Eich (a chiallaíonn ‘léim an chapaill’). Ba chosúil gur gheall Máire go dtabharfadh sí a caisleán don duine a bhí in ann léim thairis lena capall agus lena srian. D’éag an chéad bheirt le linn an t‑éacht a thriail, ach d’éirigh leis an tríú fear lena chapall agus lena shrian féin. De réir an tseanchais, cuireadh ortha ar an gcapall seo aicise lena chinntiú nach n‑éireodh le duine ar bith.
Is iomaí scéal atá ann faoi Mháire Rua ach, ar an drochuair, ní bheidh a fhios againn choíche cé acu atá fíor, má tá aon cheann díobh fíor.
Tá rud amháin cinnte, áfach…níorbh inmholta cur ina haghaidh!
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chaisleán Léim an Eich
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Mainistir na hInse
Féach le haoibhneas ar shnoiteáin fhíoráille na hAthbheochana
Timpeall 19.0 km ón Caisleán Léim an Eich
Caisleán Bhaile Átha an Rí
Suaitheantas de thiarnas na Normannach
Timpeall 43.6 km ón Caisleán Léim an Eich
Caisleán Eas Géitine
Fothrach a bhíodh ina dhaingean ag Iarlaí Dheasumhan
Timpeall 44.5 km ón Caisleán Léim an Eich
Dún Aonghasa - Seandún Cloiche
Ceann de na dúnta is suntasaí in iarthar na hEorpa
Timpeall 44.6 km ón Caisleán Léim an Eich
Caisleán Achadh na nIúr
Seoid stairiúil i gcroílár Chonamara
Timpeall 48.8 km ón Caisleán Léim an Eich
Inis Cathaigh agus an tIonad Cuairteoirí
Faigh amach faoi Stair, Miotas agus Finscéal Inis Cathaigh
Timpeall 48.9 km ón Caisleán Léim an Eich