Skip to content

Oidhreacht Éireann

Caisleán na Pailíse

Ba le teaghlach a raibh an-fhéith reibiliúnach iontu an caisleán seo tráth dá raibh

Unguided sites

An Phailís, Co. na Gaillimhe

Caisleán na Pailíse

Ba le teaghlach a raibh an-fhéith reibiliúnach iontu an caisleán seo tráth dá raibh

Unguided sites

An Phailís, Co. na Gaillimhe

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Caisleán na Pailíse atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

Caisleán na Pailíse

Tá Caisleán na Pailíse suite síos ó shráidbhaile Thíne, amach ón mbóthar beag R351, 11.5 ciliméadar (tuairim is 7 míle) siar ó thuaidh ó Phort Omna agus 18.3 ciliméadar (tuairim is 11.3 míle) soir ó dheas ó Bhaile Locha Riach i gContae na Gaillimhe. Cé nach bhfuil comharthaíocht ar bith ann leis an gcasadh ina threo a chur in iúl, agus cé go bhfuil sé suite ag deireadh bóithrín fhada atá clúdaithe le féar agus arbh é an cabhsa chuig eastát na Pailíse an chéad lá riamh é, is fiú go mór an caisleán a bhaint amach. Tá sé ar cheann de na túrthithe is mó, is casta agus is fearr caomhnaithe in Éirinn agus is ionann é agus ceann de na samplaí is fearr sa tír d’áras daingnithe an 15ú haois dhéanach agus an 16ú haois luath.

Ba dhaingean de chuid mhuintir de Búrca é Caisleán na Pailíse. Ba le Jonyck Mac Thomáis de Búrca in 1574 é, fear a thug faoi roinnt gníomhartha reibiliúnacha i gcoinne Bhanríon Eilís I. Rinne an Ridire Nicholas Malby, gobharnóir Chonnacht, é a ghabhadh agus a chur chun báis, agus ina dhiaidh sin bronnadh a chuid tailte coigistithe ar lonnaitheoirí dílse Sasanacha. D’ainneoin sin, d’éirigh leis an teaghlach an Phailís a aisghabháil agus bhí sé ina sheilbh go dtí concas Chromail ar Éirinn in 1649.

Sa bhliain 1654 tugadh an Phailís do thacadóir de chuid Chromail darbh ainm Risteard Nuinseann (c.1622-c.1683), a ndearnadh tiarna Sasanach, an chéad Iarla ar an Iarmhí, dá athair, a raibh Risteard Nuinseann (c.1583-c.1641) air chomh maith agus arbh é ceathrú Barún Dhealbhna é ag an am, faoi Shéamas VI agus I sa bhliain 1621. I ndiaidh dó géilleadh don Pharlaimint faoi Airteagail Chill Chainnigh in 1652 ach díolúine aige ó Acht an tSocraithe de chuid Chromail, aistríodh go Connacht é in 1656.

Tá balla bábhún iontach tiubh 40 méadar ar 35 méadar atá slán timpeall ar shuíomh Chaisleán na Pailíse. Ag an mbealach isteach a bhfuil a aghaidh soir aige, tá teach geata dhá stór agus dhá thúirín chiorclacha ag dhá cheann na haghaidhe a bhfuil cíora lámhaigh air. Os cionn an tí geata tá poll lámhaigh nó poll uafáis cosanta. Laistigh den teach geata, tá tinteán agus clóiséad fós ann ar an urlár uachtarach. Leabaithe thar bhealach isteach an teach geata tá greanadh armais ón 18ú haois, a théann siar go dtí 1719, a bhfuil armas cuaillithe agus mana bhall de theaghlach Nuinseann air.

Is gnéithe d’aghaidheanna inmheánacha an bhalla bábhúin iad uchtbhallaí a bhfuil cíora lámhaigh orthu agus siúlbhealaigh ardaithe is féidir a bhaint amach trí staighre céimeanna cloiche. Ag gach ceann den bhalla a bhfuil a aghaidh siar aige tá túirín bartasáin cearnógach.

16 mhéadar ar 10 méadar atá an túrtheach seo, atá an-daingean ar fad, agus an mbun, agus 20 méadar ar airde. Is féidir dul isteach ann trí dhoras cruinncheannach ar an taobh thoir de. Ar an taobh istigh de, nascann staighre bíse gach ceann de na cúig stór agus téann sé chomh fada le roinnt múrsheomraí a úsáideadh, is dócha, mar vardrúis nó leithris. Téann an staighre chomh fada leis an díon freisin, a bhfuil fothraigh ceithre cinn de bhartasáin ann i ngach cúinne. Tá poll an uafáis, nó poll lámhaigh, anseo freisin, díreach os cionn an bhealaigh isteach. Tá fothraigh seomra áiléir anseo freisin ina bhfuil stoc simléir binn tí.

Ar gach urlár den túrtheach tá seomra mór agus tinteán maith, tá díon an tríú hurlár boghtach. Feictear fuinneoga cúnga muilleanacha a bhfuil frámaí stuacha orthu ar an gceathrú hurlár, agus tá scoilteanna saighead ar leibhéil éagsúla le feiceáil fós i ngach ceann de cheithre aghaidh an túir.

Is aice leis an túrtheach tá binn tí mhóir ón 17ú haois, a bhfuil trí stór agus íoslach ann, a chuir muintir Nuinseann leis. Tá a bhealach isteach féin aige ó leibhéal an íoslaigh, agus tá fuinneoga muilleanacha agus stoc simléir ann. Sa chúinne thiar thuaidh tá teach braiche a thóg muintir Nuinseann san 18ú haois. Tá bunurlár boghtach san fhoirgneamh seo agus lochta os a chionn.

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol