Skip to content

Oidhreacht Éireann

Cloch Oghaim Bhéal an Churraigh Bháin

An chloch oghaim is airde dá bhfuil ann

Unguided sites

Fánchoill agus na Coillte
Contae Chorcaí

Cloch Oghaim Bhéal an Churraigh Bháin

An chloch oghaim is airde dá bhfuil ann

Unguided sites

Fánchoill agus na Coillte
Contae Chorcaí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Cloch Oghaim Bhéal an Churraigh Bháin

*Tá Cloch Oghaim Bhéal an Churraigh Bháin ar thalamh feirme. D’fhéadfadh beostoc a bheith ag innilt ar an suíomh*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Cloch Oghaim Bhéal an Churraigh Bháin

Gallán is ea Cloch Oghaim Bhéal an Churraigh Bháin atá 4.7 méadar ar airde. Tá inscríbhinní oghaim greanta uirthi. Seanaibitír Ghaeilge é ogham agus is é an fhoinse scríofa Ghaeilge is luaithe dá bhfuil againn é. Maidir leis an oghamchraobh, gearradh línte ar an gcoslíne lárnach, trasna na coslíne lárnaí nó ar an dá thaobh den choslíne lárnach. B’iondúil gur scríobhadh na hinscríbhinní sin go hingearach agus léitear ón mbun aníos é.

Tá dealramh air gur cuireadh na clocha oghaim seo in airde mar leaca cuimhneacháin nó mar mharcóirí críche. Is gnách go mbíonn ainm duine orthu agus go mbíonn foirmle chaighdeánach, ar nós an chinn seo a leanas, le sonrú: “X mac Y, duine de threibh Z”. Cé gur dearadh an aibítir don Ghaeilge, is ann do roinnt inscríbhinní oghaim i Laidin in Éirinn fosta, dála an chinn seo a leanas ar Chloch Oghaim Bhéal an Churraigh Bháin: MAQI-DECCADDAS-AVI-TURANIAS (Mhic-Deichet Uí Thorna).

Tá thart ar 400 inscríbhinn oghaim fós ann. Tá timpeall 350 díobh le fáil in Éirinn. Tá an chuid is mó de na clocha oghaim lonnaithe i gContae Chorcaí, i gContae Chiarraí agus i gContae Phort Láirge. Thángthas ar 50 inscríbhinn oghaim nó mar sin thall sa Bhreatain; tá clocha oghaim suite sa Bhreatain Bheag, in Albain, ar Oileán Mhanann, i gCorn na Breataine agus in iarthar Shasana.  Is í Cloch Oghaim Bhéal an Churraigh Bháin an chloch oghaim is airde dá bhfuil ann (go bhfios dúinn). Is dócha gur snoíodh í idir 300 agus 600 AD.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chloch Oghaim Bhéal an Churraigh Bháin

 Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol