Skip to content

Oidhreacht Éireann

Cloch Oghaim Dhoire Fhíonáin Beag

Fuarthas ar Thrá Dhoire Fhíonáin í a chéaduair

Unguided sites

Doire Fhionáin Beag
Contae Chiarraí

Cloch Oghaim Dhoire Fhíonáin Beag

Fuarthas ar Thrá Dhoire Fhíonáin í a chéaduair

Unguided sites

Doire Fhionáin Beag
Contae Chiarraí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Cloch Oghaim Dhoire Fhíonáin Beag

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Cloch Oghaim Dhoire Fhíonáin Beag

Séadchomhartha Náisiúnta gar do Chathair Dónall i gContae Chiarraí is ea Cloch Oghaim Dhoire Fhíonáin Beag (nó Cloch Oghaim Chathair Dónall).

Seanaibitír Ghaeilge é ogham agus is é an fhoinse scríofa Ghaeilge is luaithe dá bhfuil againn é. Maidir leis an oghamchraobh, gearradh línte ar an gcoslíne lárnach, trasna na coslíne lárnaí nó ar an dá thaobh den choslíne lárnach. B’iondúil gur scríobhadh ogham go hingearach agus léitear ón mbun aníos é. Tá dealramh air gur cuireadh clocha oghaim in airde mar leaca cuimhneacháin nó mar mharcóirí críche. Is gnách go mbíonn ainm duine orthu agus go mbíonn foirmle chaighdeánach, ar nós an chinn seo a leanas, le sonrú: “X mac Y, duine de threibh Z”. Cé gur dearadh an aibítir don Ghaeilge, is ann do roinnt inscríbhinní oghaim i Laidin in Éirinn fosta. Tá thart ar 400 inscríbhinn oghaim fós ann. Tá timpeall 350 díobh le fáil in Éirinn. Tá an chuid is mó de na clocha oghaim lonnaithe i gContae Chorcaí, i gContae Chiarraí agus i gContae Phort Láirge. Thángthas ar 50 inscríbhinn oghaim nó mar sin thall sa Bhreatain; tá clocha oghaim suite sa Bhreatain Bheag, in Albain, ar Oileán Mhanann, i gCorn na Breataine agus in iarthar Shasana.

Tá Cloch Oghaim Dhoire Fhíonáin Beag déanta as píosa gaineamhchloiche atá beagáinín os cionn dhá mhéadar ar airde. Tá an méid seo a leanas inscríofa uirthi:

ANM ḶḶATỊG̣[NI] Ṃ[A]Q [MINE]ṚC/ Ṃ[UCOI Q ̣ ̣ ? ̣ ̣CI?] ( [in] ainm Llatigni, mac le Minerc, de threibh Q…ci”

Bhí an chloch ina luí ar a fad nuair a thángthas uirthi a chéaduair ar Thrá Dhoire Fhíonáin. Aistríodh í go dtí an áit a bhfuil sí anois sna 1940idí.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chloch Oghaim Dhoire Fhíonáin

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol