Cloigtheach agus Séipéal Thigh Mochua
Cuid de lonnaíocht mhainistreach a bhunaigh Naomh Mochua
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta é Cloigtheach agus Séipéal Thigh Mochua atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Cloigtheach agus Séipéal Thigh Mochua
Thosaigh Mochua amach mar shaighdiúir, bhí sé ina mhanach ina dhiaidh sin, agus bhunaigh sé mainistir Thigh Mochua.
De réir an tseanchais áitiúil bhí trí pheata ag Naomh Mochua: coileach a ghlaodh air ar maidin, luch a líodh a chluasa dá mbeadh fonn codlata air, agus cuileog a mharcáladh an spota i Saltair Mhochua a stopadh sé ag léamh.
Níl aon iarsmaí den séipéal os cionn na talún le feiceáil inniu, agus an caisleán, an reilig, agus an cloigtheach ar na loirg dheiridh de mhainistir Mhochua i dTigh Mochua. Atógadh an séipéal ón 15ú haois sa 16ú haois, seans gurb iad muintir Cosby a rinne an obair, agus gan ach áirse mór amháin fágtha.
Tógadh Cloigtheach Thigh Mochua as gaineamhchloch agus aolchloch, tá sé sé stór ar airde taobh istigh, gan aon urlár fágtha, tá sé 29.6 m ar airde, agus tá díon air le liag mhullaigh chónúil. Is fuinneoga ceann-triantánacha iad na ceithre fhuinneog príomhairde ag bun na léige mullaigh cónúla. Tugann fuinneoga oscailte aonair solas don taobh istigh den túr, seachas an fhuinneog ar an dara hurlár atá cosúil leis an doras isteach. An ghné is suntasaí de Chloigtheach Thigh Mochua is ea an doras Rómhánúil snoite, 5 m os cionn leibhéal na talún, nach bhfuil cosúil le haon bhealach isteach eile chuig na cloigthithe in Éirinn. Tá stua inmheánach an dorais maisithe le patrúin mhuileata, nó rachtáin, agus tá an doras maisithe le gnéithe atá tipiciúil den stíl Rómhánúil cosúil le haghaidheanna ar uillinneacha na mullach colúin. Ag bun an dorais, ar an taobh ó thuaidh de thaobh na láimhe deise, tá sampla annamh d’fhíor thaispeántach fhireann Rómhánúil lena chosa lúbtha siar ar chúl na gcluas.
Léirítear i dtaifid gur tharla tine ag an mainistir in 919AD, agus gur atógadh í níos déanaí sular bhunaigh muintir O’More mainistir ar an láthair chéanna sa tréimhse mheánaoiseach.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chloigtheach agus Séipéal Thigh Mochua
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Gairdíní Heywood
Tírdhreach suaimhneach agus rómánsúil ar thaobh cnoic
Timpeall 10.4 km ón Cloigtheach agus Séipéal Thigh Mochua
Cúirt agus Eastát Ioma
Sárshampla den ailtireacht nuachlasaiceach
Timpeall 16.3 km ón Cloigtheach agus Séipéal Thigh Mochua
Dearc Fhearna
Áit spéisiúil uathúil ina dtagann an stair agus an gheolaíocht le chéile
Timpeall 25.3 km ón Cloigtheach agus Séipéal Thigh Mochua
Caisleán Chill Chainnigh
An tseoid is luachmhaire i gcathair dhraíochtúil mheánaoiseach
Timpeall 34.6 km ón Cloigtheach agus Séipéal Thigh Mochua
Teampall Mhuire, Gabhrán
Eaglais in bhfuil clocha oghaim, samhlacha de ridirí agus cuimhneacháin nuachlasaiceacha
Timpeall 38.0 km ón Cloigtheach agus Séipéal Thigh Mochua
Caisleán agus Gairdíní Ros Cré, agus Teach Damer/ Muilte Dubha
Áit a léiríonn cumhacht mheánaoiseach agus galántacht ón ochtú haois déag
Timpeall 39.8 km ón Cloigtheach agus Séipéal Thigh Mochua