Skip to content

Oidhreacht Éireann

Cloigtheach Chluain Dolcáin

Cuid de láthair mhainistreach tráth dá raibh, a thóg Naomh Mochua

Unguided sites

Cluain Dolcáin
Contae Bhaile Átha Cliath

Cloigtheach Chluain Dolcáin

Cuid de láthair mhainistreach tráth dá raibh, a thóg Naomh Mochua

Unguided sites

Cluain Dolcáin
Contae Bhaile Átha Cliath

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Cloigtheach Chluain Dolcáin atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Ní Cheadaítear ach Féachaint air ón Taobh Amuigh. Ní Cheadaítear Dul Isteach Ann*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Cloigtheach Chluain Dolcáin

Tógadh an cloigtheach caol ard seo ar láthair mhainistreach a bhunaigh Naomh Mochua sa 7ú haois. Ghlaoití Naomh Crónán air freisin. Goideadh as an lonnaíocht reiligiúnach roinnt uaireanta le linn ruathair na Lochlannach sa 9ú agus 10ú haois. Is féidir trí thúr eile den sórt sin a fháil i gcontae Bhaile Átha Cliath, i Lusca, Sord agus Ráth Michíl.

Tá an túr 25.6 méadar ar airde ina iomláine (84 troigh) agus seasann sé ar bhonn saoirseachta cloiche a ghobann amach nó a bhfuil taca faoi, agus atá 3.9 méadar (13 throigh) ar airde agus a ghabhann suas chomh fada leis an doras isteach. I mbailiúchán Leabharlann Náisiúnta na hÉireann tá líníocht anótáilte a rinne Gabriel Beranger, a ghabhann siar go dtí 1767, ina luaitear gur ghné bhreise nua-aimseartha a bhí sa bhonn sin agus go ndearnadh é chun an túr a neartú toisc go ndearnadh damáiste de roimhe sin.

Taifeadadh i dtuairisc in Saunders’ Newsletter, Dé Céadaoin, 25 Aibreán 1787, gur scrios pléascán comharsanacht Chluain Dolcáin nuair a phléasc na muilte púdair gunna ag Páirc na Maoile, achar gairid ó dheas lámh siar ó dheas den chloigtheach, pléascadh é, agus rinneadh go leor damáiste d’fhoirgnimh a bhí idir an dá shuíomh. Bhí na sleachta seo a leanas ann: “Scriosadh roinnt crann, agus caitheadh clocha móra san aer agus iad scaipthe ar feadh míle go leith… Baineadh an díon nó scriosadh ar fad roinnt teachíní sa chomharsanacht in aice leo nó achar gairid uathu, agus briseadh cuid mhaith fuinneog ar thithe ar an mbóthar go Cluain Dolcáin, agus thart ann ar feadh na mílte bealaigh… In ainneoin go bhfuair an talamh croitheadh mór, d’éirigh leis an gcloigtheach, a tháinig slán ó gach cineál aimsire le fada an lá, teacht slán as an ionsaí deiridh sin; leagadh cuid de bhinn an tseanséipéil áfach, agus scrios roinnt de na clocha nó na píosaí adhmaid a caitheadh i ngach treo, scrios siad roinnt rachtaí, nach raibh ach curtha síos ar an séipéal nua.”

Murab ionann leis an ádh ba chosúil a bhí ar an túr, cuireadh an t-eolas seo a leanas mar nóta ar líníocht a rinne Thomas Archdeakon go gairid roimh an tubaiste, den chloigtheach agus an seanséipéal a bhí ina seasamh in aice láimhe: “Radharc ar Shéipéal Chluain Dolcáin – Scriosadh an seanfhothrach seo nuair a pléascadh na muilte púdair ina gcomharsanacht am éigin tar éis an líníocht a dhéanamh.”

Mar a taispeánadh in eagrán den Iriseán Dublin Penny Journal in 1833, agus i líníochtaí agus in inscríbhinní eile sa 19ú haois, tá bail iontach ar an túr i gcónaí, agus é ina sheasamh an uair sin, agus anois go deimhin, ag imeall an taobh thiar de Bhóthar an Chloigthí i lár shráidbhaile Chluain Dolcáin. Díreach os a chomhair amach, soir uaidh, tá Eaglais Naomh Eoin na hÉireann, an láthair ar a raibh an séipéal is luaithe ina sheasamh uair amháin, a raibh a fhothracha le feiceáil i líníochtaí éagsúla suas go dtí 1792. Sin é an séipéal a ndearnadh damáiste de i bpléasc an mhuilinn púdair.

Creidtear gur tháinig an túr ó ré an-luath, go háirithe de bharr gur úsáid a chuid tógálaithe leagan garbh lom den aolchloch cailpe a bhí san áit. Tá a dhruma ard fíor-chaol freisin, níl a thrastomhas ag an bpointe is leithne de ach 4.05 m (13.3 troigh) méadar. In 1842, in ‘Scenery and Antiquities of Ireland’, scríobh an t-údar William Henry Bartlett nach raibh aon rian de staighre le feiceáil sa túr ach gur cuireadh dréimirí in airde ionas go mbeadh cuairteoir fiosrach in ann dul chomh maith leis an stór ab fhaide suas. Ag an leibhéal is faide suas den túr tá ceithre fhuinneog dhronuilleogacha, gach ceann ailínithe le príomhphointí an chompáis. Níl ach fuinneog an-bheag eile a bhfuil a haghaidh ó dheas le feiceáil, leathbhealaigh suas an druma. Is cosúil gurb é an chéad leac mhullaigh cloiche chónúil atá ar an túr go fóill.

Cuireadh isteach na céimeanna a thagann ón mbunurlár go dtí doras isteach an túir am éigin idir 1845 agus 1848, toisc go dtaispeántar le pictiúir chomhaimseartha nach raibh siad ann ar an dáta níos túisce agus go raibh siad i gceann níos déanaí.

Seasann an cloigtheach anois sa chúinne thoir theas de choimpléacs cultúir a bhfuil cuma bhreá air, ar a dtugtar Ionad Cuairteoirí Bhrú Chrónáin, ina bhfuil músaem agus caifé den scoth agus gairdín atá deartha go cliste agus atá faoi chrainn, toir agus luibheanna a bhíodh in úsáid ag lucht cónaithe na seanmhainistreach de bharr a dtréithe leighis agus cothaithe.

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol