Skip to content

Oidhreacht Éireann

Cloigtheach Dhíseart Diarmada

Cuid de láthair mhainistreach a bhunaigh Naomh Diarmuid

Unguided sites

Díseart Diarmada
Contae Chill Dara

Cloigtheach Dhíseart Diarmada

Cuid de láthair mhainistreach a bhunaigh Naomh Diarmuid

Unguided sites

Díseart Diarmada
Contae Chill Dara

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Cloigtheach Dhíseart Diarmada

*Ní Cheadaítear ach Féachaint air ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Ann*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Cloigtheach Dhíseart Diarmada

Bhí lonnaíocht mhainistreach Dhíseart Diarmada bunaithe faoin 9ú haois, agus bhunaigh Naomh Diarmuid a fuair bás in 825AD é. Is é áit adhlactha Easpag agus Rí Mhumhan é, Cormac mac Cuilennáin, a fuair bás in 938AD. Tugann Annála Uladh, Annála Inis Faithlinn, agus Annála na gCeithre Máistrí níos déanaí, spléachadh dúinn ar chráifeacht Chormaic. Fuair Cormac bás gan choinne tar éis dó titim dá chapall tar éis dó arm na Mumhan a thabhairt chun catha. Taobh istigh den lonnaíocht inniu tá roinnt leaca uaighe, leaca croise, clocha greanta le cros, an cloigtheach, tuama mucaise, ardchrosa, blúiríní ailtireachta agus séipéal paróiste San Séamas.

Is é an tuama mucaise an t-aon cheann dá leithéid in Éirinn. Tá rúnscríbhinní snoite ar thaobh amháin den tuama seo den stíl Lochlannach agus íocónagrafaíocht Chríostaíochta ar an taobh eile, rud a léiríonn an t-aistriú i measc lonnaitheoirí Lochlannacha ón bpágántacht chuig an gCríostaíocht.

I séipéal San Séamas an lae inniu, a atógadh sa 17ú haois, ionchorpraítear go leor de ghnéithe ailtireachta na mainistreach ba thúisce. Ina measc sin bhí doras stuach cruinn de voussoirs triantánach le trí shraith mhúnlála, ornáid rachtán b’fhéidir. Tagann na múnlálacha cruinne ísle de na hursaineacha ón 12ú haois, agus an 13ú haois á léiriú leis an stuara plástráilte de thrí stua bhioracha nuair a cuireadh an mheánlann nua isteach.

Gabhann cloigtheach Dhíseart Diarmada, atá nasctha leis an séipéal, siar go dtí an 10ú haois agus tá sé thart ar 20 m ar airde. Is le clocha páirce eibhir a tógadh é, rud a thugann éifeacht dhoirneogach don túr, tá 5 leibhéal ann agus cíora lámhaigh den stíl mheánaoiseach cruthaithe as. Rinneadh athrú mór ar an gcloigtheach, níl na hurláir taobh istigh ag na leibhéil ag a raibh siad ag an tús, cuireadh fuinneoga stuacha agus fuinneog le cinn chothroma leis, agus na cíora lámhaigh ón 16ú haois. Rinne na Lochlannaigh slad agus creachadh ar Dhíseart Diarmada, agus an ruathar deiridh ann in 1106AD.

Thógtaí na cloigthithe siar ón séipéal go hiondúil, ach tá an túr seo ó thuaidh den phríomh-shéipéal. Tá doras iontrála an túir ar leibhéal na talún, agus is gné eile é sin a fhágann go bhfuil Díseart Diarmada difriúil le cloigthithe Éireannacha eile.

Sa reilig, tá cros ardfháinneach ón 10ú haois ar an taobh ó thuaidh den láithreán, ar a dtugtar an Chros Thuaidh. Rinneadh as eibhear í, agus tá maisiúcháin scrolla agus eochrach uirthi, le bonn fíorach agus ornáideach agus painéil láimhe ag léiriú Cheangal Íosác agus mhíorúiltí Íosa. Ó dheas, tá bonn pirimidiúil ag an gcros ardfháinneach Theas ag léiriú Ghabháil Íosa agus Ádhaimh agus Éabha. Tá ardchros eile ar an taobh thiar. Leagadh blúiríní agus múnlálacha ailtireachta, iad siúd ar thángthas orthu le linn atógáil bhalla na huaighe in 1986 ina measc, isteach sa séipéal.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chloigtheach Dhíseart Diarmada

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol