Skip to content

Oidhreacht Éireann

Cloigtheach Lusca

Cloigtheach lena mbaineann scéalta miotaseolaíochta agus stairiúla iontacha

Unguided sites

Lusca
Contae Bhaile Átha Cliath

Cloigtheach Lusca

Cloigtheach lena mbaineann scéalta miotaseolaíochta agus stairiúla iontacha

Unguided sites

Lusca
Contae Bhaile Átha Cliath

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Cloigtheach Lusca atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Ní Cheadaítear ach Féachaint air ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Ann*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Cloigtheach Lusca

Seasann an cloigtheach seo i reilig Naomh Mhic Cuilinn, taobh istigh d’imfhálú eaglasta, i Lusca, 20 km ó thuaidh de chathair Bhaile Átha Cliath. I miotaseolaíocht na hÉireann is i Lusca, ar a dtugtar Bregia, a rugadh Emer, iníon Fhorgaill Monach. Thairg a hathair Emer do Rí Mumhan, Lugaid mac Noís, le pósadh. Ach bhí Emer i ngrá le duine eile: Cú Chulainn. Ní raibh Forgall sásta le Cú Chulainn mar fhear céile feiliúnach dá iníon, agus d’fhág sin gur éalaigh an bheirt le chéile tar éis do Chú Chulainn ionsaí a dhéanamh ar theach cónaithe Fhorgaill i mBregia; maraíodh 24 fear, Forgall ina measc a fuair bás tar éis titim ó na ballaí cosanta.

Bhunaigh Naomh Mac Cuilinn, luath-naomh Éireannach, an mhainistir anseo tar éis don Phápa Gréagóir Easpag Lusca a dhéanamh de sa 5ú haois. Rinneadh ruathar agus foghail ar an mainistir le linn Ré na Lochlannach. Rinneadh slad ar mhainistir Mhic Cuilinn in 827 agus 856 AD. Rud spéisiúil a tharla, tar éis na ruathar i Lusca, gur bhunaigh na Lochlannaigh lonnaíocht ansin ar ar tugadh Dubh Linn, cathair Bhaile Átha Cliath mar atá inniu.

Tógadh an cloigtheach ag deireadh an 10ú haois. Tá 8 n-urlár agus íoslach ann, ardaíonn sé go dtí 34 m, agus aolchloch i gcúrsaí atá ann. Cheapfá go raibh na Lochlannaigh a bhí i mbun ionsaithe in ann doras iontrála an túir a shroicheadh, ach ardaíodh an talamh timpeall ar an mbonn le cúpla céad bliain anuas. Tugann scoiltíní caola sna fuinneoga solas don taobh istigh den túr, agus aghaidh na bhfuinneog ar na príomhairde díreach faoina leac mhullaigh. Rinne an Reachtaire William Reeves athchóiriú in 1860 ar an díon cónúil mar a bhí tráth den saol, agus cuireadh leac mhullaigh chothrom ina áit níos déanaí.

Tar éis an Achta Ceannais, cuireadh iallach sa reachtaíocht ar aon mhainistir arbh fhiú níos lú ná £200 iad, tar éis 1536, a ndoirse a dhúnadh. In 1539 leis an Acht um Dhíscaoileadh na Mainistreacha Móra b’éigean na mainistreacha a dhúnadh agus a thréigean. D’úsáid Anraí VIII na hAchtanna sin chun an Róimh a dhéanamh níos laige agus a rachmas ollmhór a ghabháil ar mhaithe le hAnraí féin.

Sa chloigtheach cearnógach atá in aice láimhe, a tógadh faoin 15ú haois, tá umar baiste ón 17ú haois, ballán, agus píosa de thinteán a maisíodh chun Teachtaireacht an Aingil a léiriú. Thángthas ar chuid mhaith tuamaí meánaoiseach le samhlacha ar fud an chloigthí, ina measc comóradh ar Walter Dermot a fuair bás in 1538, James Birmingham a fuair bás in 1637, agus samhail de thuama dúbailte de Sir Christopher Barnewall a fuair bás in 1575, in éineacht lena bhanchéile Marion Sharl a fuair bás in 1589.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chloigtheach Lusca

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol