Skip to content

Oidhreacht Éireann

Cloigtheach, Séipéal, agus Ardchrosa Mhainistir Bhuithe

Cuid de lonnaíocht mhainistreach a bhunaigh Naomh Boetius

Unguided sites

Mainistir Bhuithe
Contae Lú

Cloigtheach, Séipéal, agus Ardchrosa Mhainistir Bhuithe

Cuid de lonnaíocht mhainistreach a bhunaigh Naomh Boetius

Unguided sites

Mainistir Bhuithe
Contae Lú

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta é Cloigtheach agus Séipéal Mhainistir Bhuithe atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Cloigtheach, Séipéal, agus Ardchrosa Mhainistir Bhuithe

Bhunaigh an naomh luath-Éireannach Naomh Boetius, nó Buíte, an lonnaíocht mhainistreach, sa 6ú haois. Tá an cloigtheach ar cheann de na cinn is airde in Éirinn ag 30.5 m ar airde, fiú gan a liag mhullaigh chónúil. Tógadh an cloigtheach le leaca íochtair agus bloic ghréabhaca, le roinnt gaineamhchloiche. Ba ghné shábháilteachta a raibh gá léi an cloigtheach le haghaidh gach lonnaíochta mhainistreach a raibh rath airgeadais orthu, toisc gur ann a stóráladh rachmas na lonnaíochta nuair a rinne na hÉireannaigh agus na Lochlannaigh ionsaithe. Rinne na Lochlannaigh ruathar agus slad ar an lonnaíocht mhainistreach in 968AD. Ach in 1097AD bhí tine sa chloigtheach, agus scriosadh leabhair agus cuid mhaith seod a bhí istigh ann le linn an dóiteáin.

Faoi 1142, nuair a bunaíodh an Mhainistir Mhór in aice láimhe, ní raibh an oiread tábhachta le Mainistir Bhuithe níos mó.

Is foirgneamh dronuilleogach simplí é an séipéal ó thuaidh, a tógadh leis na hábhair chéanna leis an gcloigtheach. Taispeántar iarsmaí doirse agus ceithre fhuinneog sna fothracha. Tá stua dhá lár ina bhfuil bloic ghaineamhchloiche sheaimféaráilte sa doras thiar. Soilse singlí simplí iad na ceithre fhuinneog le céimeanna le haghaidh comhlaí adhmaid inchorraithe, ón 13ú haois. Creidtear gur anseo sa séipéal seo a bhí ceann Naomh Boetius, a goideadh ansin sa 16ú haois.

Ba é an séipéal ó dheas, atá níos sine ná an séipéal ó thuaidh, an séipéal paróiste sa tréimhse mheánaoiseach. Tógadh é leis na hábhair chéanna leis an gcloigtheach, ach níl ann ach an fothrach anois. Baineann an chéad chéim d’fhorbairt an tséipéil leis an 11ú haois, agus aithnítear é le doras thiar lindéar an tséipéil dhronuilleogaigh. Tharla an dara céim den fhorbairt sa 12ú haois, tráth ar cuireadh doirse nua isteach i mballaí thuaidh agus theas an fhoirgnimh. Rinneadh an ceathrú agus an chéim dheiridh forbartha sa 15ú haois, tráth ar atógadh an balla ó dheas agus cuireadh fuinneoga isteach. Tá ceithre chloch le heitrí comhréireacha curtha isteach sa bhalla thiar, tháinig siad ó scrín cloiche níos túisce.

Níl aon amhras faoi ach go bhfuil an sampla is breátha d’ardchros sa chontae sa lonnaíocht mhainistreach: Cros Mhuiredach, an Chros Theas mar a thugtar uirthi freisin. Toisc an dealramh atá aici le Cros na Screaptra i gCluain Mhic Nóis seans gurbh é an máistirshaor céanna a shnoigh an dá cheann. Tá an chros 5.5 m ar airde agus í críochnaithe, tá greanta uirthi den Sean-Tiomna agus den Tiomna Nua, agus dhá chat ag spraoi ag bonn a coise greanta uirthi. Tugtar Cros Mhuiredach uirthi mar gheall ar a bhfuil greanta uirthi a iarrann le haghaidh Paidir do Mhuiredach; ba ab i Mainistir Bhuithe a bhí i Muiredach agus fuair sé bás in 924AD.

Is í an Chros Ard, an Chros Thiar mar a thugtar uirthi freisin, an ardchros is airde in Éirinn, ag 6.5 m ar airde. De bharr chomh hard léi, tá níos mó íomhánna maisiúla ón mBíobla den Sean-Tiomna agus ón Tiomna Nua greanta uirthi ná mar atá ar aon chros eile.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chloigtheach agus Séipéal Mhainistir Bhuithe

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol