Skip to content

Oidhreacht Éireann

Láthair Mhainistreach Inis Cealtra

Láthair mhainistreach a bhfuil baint aici le hArdrí na hÉireann

Unguided sites

Inis Cealtra, Contae an Chláir

Láthair Mhainistreach Inis Cealtra

Láthair mhainistreach a bhfuil baint aici le hArdrí na hÉireann

Unguided sites

Inis Cealtra, Contae an Chláir

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Inis Cealtra atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Baintear Inis Cealtra amach ar bhád*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Láthair Mhainistreach Inis Cealtra

Bhí fear ann ag tús an 7ú haois agus shocraigh sé maireachtáil ar an gcúlráid. Bhain Caimín faoi ar oileán gleoite Inis Cealtra i Loch Deirgeirt. Bhí saol síochánta aige agus rinne a lán daoine aithris air. Bhunaigh Caimín mainistir, ar tugadh “ceann de thearmainn na hÉireann” air, d’fhonn an teagasc sin, agus teacht na sluaite chuig an oileán, a éascú. D’éag Naomh Caimín thart faoin mbliain 658. 

Ar an drochuair, rinne na Lochlannaigh (Danmhargaigh) ionsaí ar an oileán in 836 agus arís in 922. Maraíodh a lán manach sa chéad ionsaí.

Tógadh séipéal ar an oileán sa bhliain 908 a bhuíochas le Brian Bóramha, duine de na hArdríthe ab iomráití ar Éirinn, siocair gurbh ab a dheartháir ar Inis Cealtra.

Tá iarsmaí sé shéipéal ar an oileán sa lá atá inniu ann, lena n‑áirítear Séipéal Naomh Caimín, Séipéal Naomh Mícheál agus Séipéal Naomh Bríd, agus reilig.

Níl díon ar bith ar an gcloigtheach, atá 80 troigh ar airde. Meastar gurbh amhlaidh a bhí sé riamh anall agus nach ndeachaigh sé chun raice.

Tá ‘cloch mhargaíochta’ ar an oileán fosta. Bhaintí leas as chun margaí a dhéanamh, póstaí go háirithe. Chroitheadh daoine lámha lena chéile tríd an mbearna sa chloch agus bheadh an comhaontú ina cheangal dá bharr sin.

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol