Skip to content

Oidhreacht Éireann

Láthair Mhainistreach na Tulaí Tirime

Is cosúil gur bhuail tintreach an áit chéanna faoi dhó

Unguided sites

An Tulaigh Thirim
Contae Chill Chainnigh

Láthair Mhainistreach na Tulaí Tirime

Is cosúil gur bhuail tintreach an áit chéanna faoi dhó

Unguided sites

An Tulaigh Thirim
Contae Chill Chainnigh

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Láthair Mhainistreach na Tulaí Tirime

*Ní Cheadaítear ach Féachaint uirthi ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Inti*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Láthair Mhainistreach na Tulaí Tirime

De réir na saineolaithe, ba chuid de chónascadh séipéal í an Tulaigh Thirim, a bhí nasctha le Ciarán Saighre, nuair a bunaíodh deoise Osraí. Thacódh sé seo leis an teoiric gurbh é Rí Osraí a thóg an túr, Cearbhall Mac Dunghal, i lár an 9ú haois. Rinneadh ruathar ar an Telach nlnmainne in 1026 agus bhuail tintreach an cloigtheach in 1121. Creidtear gurb ionann an Telach nlnmainne seo agus an Tulaigh Thirim. In 1539 leis an Acht um Dhíscaoileadh na Mainistreacha Móra b’éigean na mainistreacha a dhúnadh agus a thréigean. D’úsáid Anraí VIII na hAchtanna sin chun an Róimh a dhéanamh níos laige agus a rachmas ollmhór a ghabháil ar mhaithe le hAnraí féin.

D’fhág Robert Gaffney, reachtaire na Tulaí Tirime, 20 scilling ina uacht in 1591, chun cuid an bhiocáire den séipéal a dheisiú. De réir na dtaifead ó Chuairt Ríoga 1615, bhí bail mhaith ar an séipéal agus ar an saingeal araon. 100 bliain ina dhiaidh sin, de réir na dtaifead ó chuairteanna 1715 agus 1731, bhí an saingeal á úsáid ach bhí drochbhail ar an meánlann.

Tá cloigtheach na Tulaí Tirime seasta taobh thiar theas den séipéal meánaoiseach, é 22.5m ar airde. Tógadh sa 9ú haois é, le bloic ghaineamhchloiche, agus is é is dóichí gur deisíodh i ndiaidh thintreach 1121 é. Tá an doras 3.7m os cionn na talún, agus níl ach fuinneog amháin ar gach urlár, ag ardú ar deiseal tríd an túr 6 stór. Ba leasú iad na fuinneoga príomhairde a rinneadh ar an túr, i ndiaidh don tintreach é a bhualadh den chéad uair, seans. Níl liag mhullaigh chónúil air. Rinneadh dochar do struchtúr inmheánach agus seachtrach an chloigthí, nuair a bhuail tintreach arís é in 1976. Rinneadh obair chaomhantais air in 2003.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Láthair Mhainistreach na Tulaí Tirime

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol