Skip to content

Oidhreacht Éireann

Lios agus Cloch Oghaim Chlochán Cárthainn

Is dócha gur cuid de láthair mhainistreach luath é an suíomh seo

Unguided sites

Clochán Cárthainn
Contae Chiarraí

Lios agus Cloch Oghaim Chlochán Cárthainn

Is dócha gur cuid de láthair mhainistreach luath é an suíomh seo

Unguided sites

Clochán Cárthainn
Contae Chiarraí

Fógra

Séadchomharthaí Náisiúnta iad Lios agus Cloch Oghaim Chlochán Cárthainn atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Tabhair do d’aire go bhfuil an séadchomhartha seo suite i bpáirc feirmeoireachta*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Lios agus Cloch Oghaim Chlochán Cárthainn

Tá an t-imfhálú meánaoiseach i gClochán Cárthainn suite seacht gciliméadar soir ó dheas ó Chathair Saidhbhín. Rinneadh cur síos air mar lios nó ‘caiseal’, ach ba dhóchúla gur láthair mhainistreach luath seachas daingean nó áitreabh feirme meánaoiseach é. Tugann bunadh na háite Keeldarragh ar an suíomh. Is dócha go dtagann sé sin ón nGaeilge, Cill Dara — Church of DaraThe Church of the Oak i mBéarla. Sa suíomh fosta tá leac chroise ón luath-mheánaois, trí leacht (altóirí dronuilleogacha cloch tirim a úsáideadh i gcomhair cúrsaí deasghnátha) agus dúshraitheanna botháin chiorclaigh. Díreach lasmuigh den imfhálú tá uaimh thalún, ar pasáiste ceilte faoi thalamh é a mbaintí leas as mar shiléar nó mar chuisneoir faoi choinne stóráil bia nó mar chró folaigh nó tearmann i gcás ionsaí. Bhíodh cloch oghaim ag an mbealach isteach go dtí an lios, ach aistríodh go dtí an taobh thuaidh den suíomh í le blianta beaga anuas, áit a bhfuil sí ina luí ar dhá thaca.

Seanaibitír Ghaeilge é ogham agus is é an fhoinse scríofa Ghaeilge is luaithe dá bhfuil againn é. Maidir leis an oghamchraobh, gearradh línte ar an gcoslíne lárnach, trasna na coslíne lárnaí nó ar an dá thaobh den choslíne lárnach. B’iondúil gur scríobhadh ogham go hingearach agus léitear ón mbun aníos é. Tá dealramh air gur cuireadh clocha oghaim in airde mar leaca cuimhneacháin nó mar mharcóirí críche. Is gnách go mbíonn ainm duine orthu agus go mbíonn foirmle chaighdeánach, ar nós an chinn seo a leanas, le sonrú: “X mac Y, duine de threibh Z”. Cé gur dearadh an aibítir don Ghaeilge, is ann do roinnt inscríbhinní oghaim i Laidin in Éirinn fosta. Tá thart ar 400 inscríbhinn oghaim fós ann. Tá timpeall 350 díobh le fáil in Éirinn. Tá an chuid is mó de na clocha oghaim lonnaithe i gContae Chorcaí, i gContae Chiarraí agus i gContae Phort Láirge. Thángthas ar 50 inscríbhinn oghaim nó mar sin thall sa Bhreatain; tá clocha oghaim suite sa Bhreatain Bheag, in Albain, ar Oileán Mhanann, i gCorn na Breataine agus in iarthar Shasana.

Tá Cloch Oghaim Chlochán Cárthainn thart ar 2 mhéadar ar fad agus is as slinn atá sí déanta. Tá an inscríbhinn seo a leanas uirthi: EQQẸGGNỊ [MA]Q̣[I] ṂẠQI-CAṚATTỊNN (“‘Ec…án? mac le Mac-Cáirthinn”). Tugtar Clochán Cárthainn ar an dúiche sa lá atá inniu ann (an chiall i mBéarla: The stone structure of Cárthan). B’fhéidir gurb ionann an duine a luaitear sa logainm agus an duine a luaitear ar an lia oghaim. De réir stíl ghramadaí na hinscríbhinne, féadtar a rá gur snoíodh thart faoin mbliain 600 AD í.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Lios agus Cloch Oghaim Chlochán Cárthainn

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol