Skip to content

Oidhreacht Éireann

Mainistir Agaistíneach Bhaile an Sceilg

Áit urnaí eile do mhanaigh Sceilg Mhichíl

Unguided sites

Baile an Sceilg
Contae Chiarraí

Mainistir Agaistíneach Bhaile an Sceilg

Áit urnaí eile do mhanaigh Sceilg Mhichíl

Unguided sites

Baile an Sceilg
Contae Chiarraí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Mainistir Bhaile an Sceilg

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Mainistir Agaistíneach Bhaile an Sceilg

Tá Mainistir Bhaile an Sceilg, ar a dtugtar Prióireacht Chanónaigh Ord Arrouaise de chuid Ord San Agaistín freisin, suite ar imeall Uíbh Ráthaigh i nDeisceart Chiarraí. Amach ón gcósta tá Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO, Sceilg Mhichíl, a bhfuil clú air timpeall na cruinne. Bhunaigh na Canónaigh Agaistíneacha ó Ráth Tuaidh i dTuaisceart Chiarraí Mainistir/Prióireacht Bhaile an Sceilg sa bhliain 1210. Bunaíodh an mhainistir chun cóiríocht a chur ar fáil do mhanaigh Sceilg Mhichíl mar go raibh na Scealga ag éirí contúirteach. Bhí na Lochlannaigh ag creachadh an oileáin go minic, bhí an t-oileán ag éirí ní b’fhuaire agus bhí struchtúr na heaglaise in Éirinn ag athrú agus, mar thoradh air sin, chuathas chun na mórthíre, agus go Baile an Sceilg, de rogha ar an oileán.

Tá Prióireacht Bhaile an Sceilg tiomnaithe do Naomh Mícheál, marfóir cáiliúil na nathracha, agus tá baint aici le Naomh Fionnán, ar naomh Éireannach luath é. Bhíothas lonnaithe sa phrióireacht agus bhí úsáid á baint aisti aníos go dtí an bhliain 1569. Fágadh í in 1578 faoin Reifirméisean mar gheall ar Eilís I. Ligeadh an suíomh ar léas le Gyles Clinsher an bhliain chéanna, agus léasaíodh le John Blake é ní ba lú ná deich mbliana ina dhiaidh sin. Ghlac Richard Harding as Briostó seilbh ar an suíomh sa bhliain 1756 agus fuair muintir Sigerson an phrióireacht le hoidhreacht in 1615. De réir an tseanchais, bhí Christopher Sigerson geallta le hiníon Richard Harding. Nuair a chuaigh sé go dtí a teach i mBriostó chun í a phósadh, bhí a tórramh ag fágáil an tí. Mar sin féin, chaith Richard le Sigerson amhail is go raibh sí beo beathach agus go raibh sí pósta. Thug sé mainéar Bhaile an Sceilg, lenar áiríodh an mhainistir agus na tailte, do Sigerson. Ina dhiaidh sin, fágadh an suíomh le huacht ag iníon John Sigerson, a phós duine de bhunadh Chaisleán an Droma Mhóir. Fuair Harold Sigerson Mahony seilbh ar an suíomh sa bhliain 1902.

Ós rud é go bhfuil an phrióireacht cois cósta, tá codanna den phrióireacht agus den reilig scriosta ag an gcreimeadh leis na céadta blianta anuas. Tógadh balla mara chun an suíomh a chosaint ar a leithéid feasta. Tá mionsonraí ailtireachta — a bhaineann leis an tréimhse idir an 13ú céad agus an 15ú céad — le feiceáil sa phrióireacht. Tá an séipéal, corp na heaglaise agus an cineál saingil, mar aon le foirgnimh eile, leagtha amach thart ar an gclabhstra lárnach. Tá corp na heaglaise, nó an chuid lárnach den séipéal, ceangailte le foirgneamh dronuilleogach ar a dtugtar Teach an Phrióra. Tá an proinnteach, áit a n-ití béilí, siar ó dheas ón séipéal agus tá an clabhstra (a bhíodh ina chosán faoi dhíon) idir eatarthu.

Is éard atá sa séipéal corp na heaglaise agus cuid den saingeal. Spallaí ina gcúrsaí garbha, moirtéal aoil agus gairbhéil agus cóiriú gaineamhchloiche atá i gceist le tógáil an tséipéil. Is léir gur cuireadh plástar ar chuid de na ballaí istigh.

Tá an iomad uaigheanna lena ngabhann bloghanna ailtireachta i gcorp na heaglaise. Tá trí dhoras amach ó chorp na heaglaise ag an bpointe thiar theas trína mbaintear an clabhstra amach. Is ann do dhoras lárnach blocáilte lena mbaineann stua teascánach de leaca claonta. Tá fuinneog ar a bhfuil ceann címe i gceist leis ar bharr na fuinneoige blocáilte.

Is beag den saingeal atá fágtha diomaite de chuid de bhalla stuach rinneach a bhfuil foscadh clog — atá mar rinn an bhalla — ar a mhullach. Tá cuid de dhá fhuinneog le feiceáil sa bhalla thoir thuaidh. Dúradh go raibh an saingeal tite chun talún faoin mbliain 1841.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Mhainistir Bhaile an Sceilg

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol