Skip to content

Oidhreacht Éireann

Mainistir Chistéirseach Bhealach Conglais

Faoi cheilt i ngleannta Shléibhte Chill Mhantáin

Unguided sites

Bealach Conglais Thoir
Contae Chill Mhantáin

Mainistir Chistéirseach Bhealach Conglais

Faoi cheilt i ngleannta Shléibhte Chill Mhantáin

Unguided sites

Bealach Conglais Thoir
Contae Chill Mhantáin

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea an Mainistir Bhealach Chonglais

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Mainistir Chistéirseach Bhealach Conglais

Bhunaigh Diarmait Mac Murchada, Rí Laighean, Mainistir Bhealach Conglais sa bhliain 1148. Craobhtheach na Mainistreach Móire (a bunaíodh sa bhliain 1142) agus máthairtheach Mhainistir Sheireapúin (a bunaíodh in 1180) ab ea í. Tá sí ceilte i ngleann laistigh de Shléibhte Chill Mhantáin.

Níl fágtha den bhunmhainistir ach giotaí den séipéal Rómhánúil ón 12ú céad agus rianta den chlabhstra. Tá idir phiaraí cearnógacha agus phiaraí sorcóireacha i gceist le pasáiste chorp na heaglaise; tá bunanna agus mullaí na bpiaraí maisithe le dearaí neamhghnácha éagsúla. Tógadh an túr go mall sa Mheánaois. Cuireadh ceann caol neo-Ghotach ina áit sa 19ú céad.

Tá sé ráite go bhfuil baint ag an mbunainm, Bealach Conglais — arb é mám Chú Ghlais is ciall leis — leis an laoch miotaseolaíoch, Glas. Creidtear gur mharaigh toirc fhiáine dhraíochtúla é.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla agus Monastic Ireland le tuilleadh eolais a fháil faoi Mhainistir Bhealach Conglais

 Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol