Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Mainistir Oileán Lócháin
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Mainistir Oileán Lócháin
Beagán ó thuaidh de shráidbhaile Phort Mhic Aoidh i gcainéal Phort Mhic Aoidh tá oileán íseal, 0.3 acra, ar a dtugtar Oileán Lócháin. Tá coimpléacs eaglasta ón luath-mheánaois le fáil ar an oileán beag bídeach seo. Ceaptar gur tháinig ainm an oileáin seo ón naomh áitiúil Lóchán. Gabhann an lonnaíocht siar go dtí an 7ú haois agus bhí sí in úsáid mar cheallúnach/cillín, láithreán adhlactha stairiúil le haghaidh naíonáin mharbh-bheirthe agus naíonáin nár baisteadh, agus iad siúd nár ceadaíodh iad a adhlacadh i dtalamh coiscrithe, suas go dtí an 20ú haois. Tugadh faoi deara le linn tochailtí a rinneadh go raibh clocha cinn simplí ann nach raibh inscríbhinn orthu agus go raibh cnámharlaigh na naíonán caomhnaithe go maith. Adhlacadh na hadhlacthaí deireanacha sin sa chuid thiar den oileán. Rinneadh roinnt tochailtí ar an oileán seo, agus is iomaí píosa a cuireadh i gcló dá mbarr.
Tá an séipéilín suite ar an taobh thoir den oileán agus é tógtha ag úsáid teicníc le cloch shingil. Úsáideadh leaca a bhí socraithe go cothrománach le faobhair chruinne sa tógáil. Tugann doras ar an taobh thiar rochtain taobh istigh. Tá roinnt leaca ingearacha le feiceáil. Taispeántar sna tochailtí go raibh an séipéilín ina shuí ar bharr leachta (ardán beag de chloch shingil a cheaptar a d’oibrigh mar áit adhlactha, altóir nó scrín) ó thuaidh. Meastar leis an dátú radacarbóin a rinneadh ar ithir an urláir cloiche go ngabhann sé siar go dtí thart ar 640-790 AD.
Ag imeall thoir thuaidh an oileáin feicfidh tú an scrín bhinne agus an leacht. Tá dhá leac scláta sa scrín bhinne atá sínte in aghaidh a chéile agus idir chloch agus grianchloch scaipthe taobh istigh ann. Tugadh le fios leis an tochailt go raibh dhá chiste bheaga sa scrín bhinne ina raibh cnámh athnochta duine (a deirtear a ghabhann siar go dtí an 7ú agus 8ú haois), sliogáin muiríní agus clocha grianchloiche.
Tá roinnt uaigheanna sa leacht, agus ceaptar gur le haghaidh mhanaigh an oileáin a bhí siad. Cuireadh cúig chorp ar a laghad ann, luite taobh le taobh. Fuarthas sliogáin muiríní sna huaigheanna ar fad, agus timpeall orthu bhí suaitheantas Naomh Séamus. Thángthas ar thrí uaigh eile a raibh an dáta a ghabh leo roimh an scrín bhinne agus bhíothas den tuairim ansin go raibh fiú scrín níos túisce arís ann. Meastar gur chomhartha ómóis don bhunaitheoir a bhí sa chineál sin scríne binne.
Tá bothán ar an taobh thiar theas den oileán agus is struchtúr coirbéalta de chloch shingil atá ann. Tugann na tochailtí le fios go raibh an t-urlár istigh faoi leibhéal na talún taobh amuigh. Tá dramhcharn, ábhar dramhaíola, soir ó theas den bhothán agus sliogáin, cnámh, cíor bhinne, cloichíní cnámh agus dhá bhróiste fáinne cré-umha agus gualaigh ann. Meastar go ngabhann an gualach siar go dtí an 11ú haois. Léirigh tochailtí gur tógadh an bothán seo os cionn bothán a bhí ann roimhe sin toisc gur dátaíodh an chnámh ainmhí siar go dtí 771-961 AD.
Bhí adhlacthaí ón tréimhse mhainistreach cruinnithe timpeall ar an séipéilín agus ar an scrín bhinne. Sa tréimhse mheánaoiseach bhí na hadhlacthaí suite ó thuaidh, ó theas agus siar ón séipéilín. Bhí na huaigheanna go léir ar an taobh thiar, agus cloichíní grianchloiche socraithe ar an gcorp nó go néata timpeall ar bhonn an leaca i gcás cuid mhaith díobh. Thaispeáin dátú radacarbóin gur tháinig an chuid seo den reilig ó thréimhse na luath-mheánaoise. Taispeánadh sna tochailtí freisin go raibh an uaigh in úsáid níos déanaí sa tréimhse mheánaoiseach, toisc gur leagadh sé phingin airgid de chuid Éadbhard I agus III in éineacht le hadhlacadh.
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Maoin Oidhreachta Domhanda EOECNA Sceilg Mhichíl
Mainistir Oileánda ina seasamh go hard os cionn na farraige
Timpeall 16.1 km ón Mainistir Oileán Lócháin
Teach Dhónaill Uí Chonaill – Tigh Mór Dhoire Fhíonáin
Baile dúchais Dhónaill Uí Chonaill
Timpeall 21.7 km ón Mainistir Oileán Lócháin
Ionad an Bhlascaoid
An scéal a bhaineann le pobal uathúil oileánda
Timpeall 28.0 km ón Mainistir Oileán Lócháin
Oileán an Chuilinn
Gairdín oileánda ina bhfuil áilleacht uathúil
Timpeall 59.5 km ón Mainistir Oileán Lócháin
Caisleán an Rois
Daingean cois locha atá ar maos le seanchas
Timpeall 60.2 km ón Mainistir Oileán Lócháin
Ardeaglais Ard Fhearta
Trí shéipéal mheánaoiseacha tiomanta do Naomh Breandán
Timpeall 63.6 km ón Mainistir Oileán Lócháin