Skip to content

Oidhreacht Éireann

Mainistir Phroinsiasach Dhíseart Diarmada

Mainistir a tógadh ar thailte a bhronn Strongbow

Unguided sites

Fearann na Mainistreach
Contae Chill Dara

Mainistir Phroinsiasach Dhíseart Diarmada

Mainistir a tógadh ar thailte a bhronn Strongbow

Unguided sites

Fearann na Mainistreach
Contae Chill Dara

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Mainistir Dhíseart Diarmada

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Mainistir Phroinsiasach Dhíseart Diarmada

Bunaíodh an Mhainistir Phroinsiasach seo timpeall ar 1247 ar láthair mainistreach a bhí ann roimhe sin, a bhunaigh Naomh Diarmuid. Creidtear gur bhunaigh Walter de Riddlesford II an mhainistir go luath sa 13ú haois. Bhí aithne ar Riddlesford mar Thiarna Thrisledermot, an t-ainm a tugadh ar an mainistir an chéad lá riamh.

Ba é athair Walter, Walter de Riddlesford I, ar bhronn Richard de Clare, Strongbow, na tailte air tar éis ionradh na Normannach.

Léirítear tábhacht Dhíseart Diarmada leis an lonnaíocht mhainistreach in aice láimhe, a bhunaigh Naomh Diarmuid freisin. Ba ghné shábháilteachta a raibh gá léi an cloigtheach i ngach lonnaíocht mhainistreach a bhí faoi rath airgid, toisc gurbh ann a stóráladh rachmas na lonnaíochta tráth ionsaithe ó na hÉireannaigh agus na Lochlannaigh. Anuas air sin, taifeadtar gur reáchtáladh parlaimint de chuid na hÉireann in Thrisledermot in 1264.

Is é an séipéal, atá ina fhothracha anois, an t-aon iarsma den lonnaíocht seo a bhí faoi bhláth uair amháin atá fágtha anois. Tá meánlann agus saingeal ón 13ú haois sa séipéal, agus pasáiste agus croslann ón 14ú haois, a tógadh as eibhear i gcúrsaí le clocha coirnéil eibhir. Fuair an chroslann agus an saingeal solas ó chúpla fuinneog biorach, a raibh féitheacha línte lasctha ar chuid acu.

Rinneadh ionsaí ar an mainistir agus goideadh aisti le linn ionradh Bruce, 1315-1318, agus atógadh í ina dhiaidh sin. Sular díscaoileadh í, tráth ar dhíscaoil Anraí VIII mainistreacha caitliceacha, bhí séipéal, clabhstra, suanlios, túr, dhá halla, cistin, gairdín, úllord, agus cúirtealáiste sa mhainistir.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Mhainistir Dhíseart Diarmada

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol