Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Oileán an Teampaill atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Oileán an Teampaill, Cuan Bhéil Inse
Oileán beag rite i gCuan Bhéil Inse é Oileán an Teampaill. Tá lonnaíocht mhanachúil luath-mheánaoiseach ar an oileán agus thugtaí faoi bhruithniú iarainn air. Thochail an seandálaí Éireannach mór le rá, M.J. O’Kelly, an t-oileán in 1955-1956. Ón méid a fuarthas, rinne sé amach go ndearnadh cónaí ar an oileán, ina dhá chéim, ag tús na Meánaoise agus go ndearnadh cónaí sealadach air ní b’fhaide anonn ag deireadh na Meánaoise.
Is éard atá i gceist leis na gnéithe is luaithe bothán adhmaid ciorclach agus foirgneamh adhmaid dronuilleogach, a meastar gur aireagal é, a fuarthas gar do lár an oileáin. Bhí gualach, sliogáin agus cnámha ainmhithe ar áireamh i sraith oibre an bhotháin. Tá an t-aireagal adhmaid idir an bothán agus an cladach thiar. Aithnítear é trí phoill cuaillí. Tá reilig ina bhfuil tríocha a trí adhlacadh ar a laghad ó thuaidh, agus siar ó thuaidh, ón aireagal adhmaid.
Maítear gur tháinig an dara céim áitíochta díreach i ndiaidh na chéad chéime áitíochta. Cuireadh teach cloiche ciorclach agus aireagal cloiche in áit an bhotháin adhmaid agus an aireagail adhmaid. Deirtear go mbaineann ocht gcinn de na hadhlacthaí leis an aireagal cloiche. Fuarthas dhá chros chloiche, dhá chrosleac agus crosleac oghaim sa tochailt fosta.
Nuair a cuireadh na struchtúir chloiche in ionad na struchtúr adhmaid, rinneadh cuid de na gnéithe adhmaid a chóipeáil mar sciúmoirf. Is sciúmorf é an barrghréas a fuarthas ar Oileán an Teampaill, ar barrghréas é atá snoite as gaineamhchloch mhíocach. Meastar gur snoiteán de orans é — staidiúir mheánaoiseach urnaí. Ba nasc ailtireachta idir an t-adhmad agus an chloch an barrghréas.
Thángthas ar lia oghaim cóngarach don chladach thiar theas. Ar an lia úd tá cros Mháltach greanta, mar aon le ciorcal láir agus ceithre chiorcal níos lú atá ceangailte le ceithre pheiteal bharrscoite. Is ionann an t-ogham agus BECCDINN MACI RIT(T)AVVECASS, agus baineann sé leis an tréimhse idir 650 AD agus 750 AD.
Is ann do phéire scrínte i ndeisceart an oileáin. Tochlaíodh cuid de scrín 1 sa bhliain 2004. Tá sí 26 méadar ar fad. Tá na dromchlaí pábháilte le slinn Dhairbhre agus méaróga grianchloiche báine. Tugtar le tuiscint gur scrín bhinne í ar a raibh cruth pubaill. Thángthas ar thaisí ceathrair ar a laghad le linn na tochailte. Bhí scrín 2 traipéasóideach. De bharr na tochailte, rinneadh amach gur cuireadh isteach ar a raibh sa scrín, ach gur dócha go gcoinnítí taisí daonna inti.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Oileán an Teampaill, Cuan Bhéil Inse
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Teach Dhónaill Uí Chonaill – Tigh Mór Dhoire Fhíonáin
Baile dúchais Dhónaill Uí Chonaill
Timpeall 22.1 km ón Oileán an Teampaill, Cuan Bhéil Inse
Maoin Oidhreachta Domhanda EOECNA Sceilg Mhichíl
Mainistir Oileánda ina seasamh go hard os cionn na farraige
Timpeall 24.4 km ón Oileán an Teampaill, Cuan Bhéil Inse
Ionad an Bhlascaoid
An scéal a bhaineann le pobal uathúil oileánda
Timpeall 24.9 km ón Oileán an Teampaill, Cuan Bhéil Inse
Caisleán an Rois
Daingean cois locha atá ar maos le seanchas
Timpeall 52.8 km ón Oileán an Teampaill, Cuan Bhéil Inse
Ardeaglais Ard Fhearta
Trí shéipéal mheánaoiseacha tiomanta do Naomh Breandán
Timpeall 55.3 km ón Oileán an Teampaill, Cuan Bhéil Inse
Oileán an Chuilinn
Gairdín oileánda ina bhfuil áilleacht uathúil
Timpeall 55.6 km ón Oileán an Teampaill, Cuan Bhéil Inse