Prióireacht Dhoiminiceach Bhuiríos Umhaill
Mainistir a bhfuil baint aici le dhá theaghlach chumhachtacha: muintir de Búrca agus muintir Uí Mháille
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Mainistir Bhuiríos Umhaill
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Prióireacht Dhoiminiceach Bhuiríos Umhaill
Bunaíodh Mainistir Bhuiríos Umhaill sa bhliain 1469 faoi choinne na nDoiminiceach. Tá sí tiomnaithe do Naomh Muire. Ba é Risteard de Búrca as Turlach, duine a shíolraigh ó mhuintir Angla-Normannach de Búrca, a bhunaigh í.
Tugadh Risteard an Cuarscidh ar de Búrca freisin. Toghadh ina thaoiseach ar mhuintir de Búrca i Maigh Eo é sa bhliain 1460. I ndiaidh bhunú Bhuiríos Umhaill, áfach, shocraigh an Búrcach dul leis an mainistir seachas a theideal a choinneáil.
Tá an mhainistir suite taobh le hinbhear i gCuan Mó. San áireamh i bhfothracha Bhuiríos Umhaill tá séipéal ina bhfuil corp eaglaise agus saingeal, cloigtheach, eaglais, agus roinnt iarsmaí den chlabhstra agus de na raonta tí. Is ann do reilig le hais na bhfothracha a mbaintear úsáid aisti fós agus tá cuid mhór d’ailtireacht Ghotach na mainistreach fós slán.
Tá stair sách casta ag baint le Buiríos Umhaill. Cé go ndearna an tiarna áitiúil na bráithre a chónaigh sa mhainistir a chosaint ar an díshealbhú ar feadh tamaill le linn Dhíscaoileadh na Mainistreacha sna 1530idí, rinneadh í a dhaingniú i ndeireadh na dála i ndiaidh don Ridire Nicholas Malby (Gobharnóir Chonnacht) bunáit mhíleata a thógáil ag an mainistir.
Dar le Malby gur shochar airgeadais í an mhainistir a bronnadh air sa bhliain 1580. Thuig sé, i ndiaidh luachála, na bealaí a bhféadfaí ioncam a shaothrú aisti: bhí sí taobh leis an uisce; bhí sí ar thalamh mhaith; bhí mianach iarainn inti; agus d’íocfadh timpeall 50 long Shasanach cáin gach bliain le go mbeidís ábalta iascaireacht ansin.
Bhí an mhainistir ina fothrach faoin 18ú céad. Bhí tús leis an meath le feiceáil le titim an dín sa bhliain 1793.
Bhí baint ag Cailís de Búrca-Uí Mháille (1494), atá i nDún Uí Choileáin anois, le Mainistir Bhuiríos Umhaill tráth dá raibh. Ba é garmhac Risteaird de Búrca, Tomás de Búrca, agus a bhean chéile, Gráinne Ní Mháille, a choimisiúnaigh í.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Mhainistir Bhuiríos Umhaill
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Mainistir Bhuiríos Umhaill. Creidiúint: an Chartlann Ghrianghrafadóireachta, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, Rialtas na hÉireann An taobh istigh de Bhuiríos Umhaill. Creidiúint: an Chartlann Ghrianghrafadóireachta, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, Rialtas na hÉireann Buiríos Umhaill. Creidiúint: an Chartlann Ghrianghrafadóireachta, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, Rialtas na hÉireann Amharc ón aer ar Mhainistir Bhuiríos Umhaill. Creidiúint: an Chartlann Ghrianghrafadóireachta, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, Rialtas na hÉireann
Suíomhanna cóngarach
Láithreán Neoiliteach agus Ionad Cuairteoirí Achaidh Chéide
An séadchomhartha Clochaoise is fairsing ar domhan
Timpeall 45.9 km ón Prióireacht Dhoiminiceach Bhuiríos Umhaill
Caisleán Achadh na nIúr
Seoid stairiúil i gcroílár Chonamara
Timpeall 56.8 km ón Prióireacht Dhoiminiceach Bhuiríos Umhaill
Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh Conamara - Teach na bPhiarsaigh agus Ionad Cuairteoirí
Teachín ar maos sa stair réabhlóideach agus i gcultúr na nGael
Timpeall 57.0 km ón Prióireacht Dhoiminiceach Bhuiríos Umhaill
Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire
Na tuamaí meigiliteacha is sine in Éirinn suite i dtírdhreach drámatúil neoiliteach
Timpeall 78.8 km ón Prióireacht Dhoiminiceach Bhuiríos Umhaill
Mainistir Shligigh
Áit a mbaintear macalla as paidreacha na mbráithre i measc na bhfothrach
Timpeall 82.7 km ón Prióireacht Dhoiminiceach Bhuiríos Umhaill
Mainistir Na Búille Chistéirseach
Téigh siar i stair na mainistreacha in Éirinn
Timpeall 83.6 km ón Prióireacht Dhoiminiceach Bhuiríos Umhaill