Srianta
- Coisbheart oiriúnach
- Rochtain Dúshlánach
- Céimeanna géara agus míchothrom
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Teampall Bheanáin atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
*Eolas Sábháilteachta: Ní mór talamh crochta rite a dhreapadh ar feadh achar beag d’fhonn Teampall Bheanáin a shroicheadh. Moltar bróga siúil maithe a bhreith leat. Coinnigh ar shiúl ó bheostoc ar bith a d’fhéadfadh a bheith sa cheantar.*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Séipéal beag bídeach é Teampall Bheanáin. Tá sé suite go hard ar dhroim cnoic os cionn Chuan Chill Éinne. Tá tobar beannaithe, Tobar na mBráthar, ar an mbealach suas an cnoc. Tá tobar beannaithe eile, Dabhach Éinne, sa pháirc ar chlé. Chomh maith leis sin, is ann do bhun ardchroise ón 11ú céad; tá píosa eile di le fáil i dTeaghlach Éinne.
Tá bun cloigthí giota beag níos faide suas an cnoc. Deirtear go raibh sé 30 méadar ar airde ag tús an 19ú céad ach gur chuir stoirm amú é. Bhíodh na foirgnimh sin uile mar chuid de mhainistir mheánaoiseach Chill Éinne.
Deirtear gur leantóir de chuid Naomh Pádraig sa 5ú céad é Beanán, ach tógadh an séipéal a bhfuil a ainm air sa 11ú céad. Tógadh an séipéal úd ar an gcaoi chéanna le Teaghlach Éinne. Tá Teampall Bheanáin an-bheag ar fad. Níl sé ach 6 mhéadar chearnacha ar an taobh istigh. Is dócha nár baineadh úsáid as mar láthair adhartha. B’fhéidir go gcuirtí iarsmaí tábhachtacha ann, mar shampla, codanna de thaisí Bheanáin, nó clog nó bachall a bhain leis.
Tá a shuíomh suntasach ar ghrua an chnoic an-tábhachtach; chuireadh na hiarsmaí a gcumhacht chosanta chun feidhme ar an mbá, agus ar an oileán ar fad, ón mullach rite seo. Ar an gcuma chéanna, bheadh oilithrigh a thagadh chun an oileáin ar bhád sa mheánaois in ann Teampall Bheanáin, agus an cloigtheach, a fheiceáil go soiléir, agus ba shiombailí cumhachtacha de rathúnas agus de thábhacht Chill Éinne iad.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Theampall Bheanáin
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Ceann de na dúnta is suntasaí in iarthar na hEorpa
Timpeall 7.2 km ón Teampall Bheanáin
Teachín ar maos sa stair réabhlóideach agus i gcultúr na nGael
Timpeall 31.9 km ón Teampall Bheanáin
Seoid stairiúil i gcroílár Chonamara
Timpeall 43.7 km ón Teampall Bheanáin
Féach le haoibhneas ar shnoiteáin fhíoráille na hAthbheochana
Timpeall 54.0 km ón Teampall Bheanáin
Faigh amach faoi Stair, Miotas agus Finscéal Inis Cathaigh
Timpeall 55.4 km ón Teampall Bheanáin
Suaitheantas de thiarnas na Normannach
Timpeall 65.2 km ón Teampall Bheanáin