Skip to content

Oidhreacht Éireann

Tuama Pasáiste an Chnoic Rua

Tuama pasáiste a théann siar go haois Shí an Bhrú

Unguided sites

An Cnoc Rua, Co. Chill Chainnigh

Tuama Pasáiste an Chnoic Rua

Tuama pasáiste a théann siar go haois Shí an Bhrú

Unguided sites

An Cnoc Rua, Co. Chill Chainnigh

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Tuama Pasáiste an Chnoic Rua atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

Tuama Pasáiste an Chnoic Rua

Is tuama pasáiste Neoiliteach é an Cnoc Rua a dtugtar ‘An Caiseal’ air go háitiúil agus a théann chomh fada siar le thart ar 3,000 R.C.  Tá an tuama ar cheann de bhaicle carn sa réigiún seo, cuid acu ar féidir iad a fheiceáil óna chéile agus atá ailínithe leis an gcarn mór ar mhullach Shliabh na mBan i gContae Thiobraid Árann.  Tá an séadchomhartha suite feadh líne mullaigh scláta a bhfuil a haghaidh thiar theas aici agus a bhreathnaíonn amach ar an Loinneán, craobh-abhainn de chuid na Siúire.

Tá an Cnoc Rua suntasach ar roinnt cúiseanna. Ceann acu sin is ea an chuid mhór ealaíne meigilití atá ann, a chuimsíonn breis is 30 carraig mhaisithe, suite sa dá sheomra agus ar an gcolbha.  Gné inspéise eile is ea ailíniú lár an gheimhridh an dá thuama (thoir agus thiar) le héirí agus luí na gréine ar an 21 Nollaig.  Cé go bhfuil tuama pasáiste an Chnoic Rua i bhfad níos lú ná an tuaim mhór a tochlaíodh i gCnóbha i nGleann na Bóinne i gContae na Mí, tá cosúlachtaí ó thaobh foirme de tugtha faoi deara ag na seandálaithe.

Nochtadh le tochailt seandálaíochta sa Chnoc Rua fianaise gur adhlacadh roinnt taisí daonna créamtha laistigh de na seomraí.  Aimsíodh réimse leathan déantán, ar féidir earraí uaighe a thabhairt orthu, in éineacht leis na taisí créamtha. Ina measc bhí soithí cré, píosaí de bhróistí cnáimhe agus binne, píosaí de choirníní cnáimhe, siogairlíní agus coirníní spáis.  Nochtadh le breis fiosrúchán seandálaíochta thart ar an tuama pasáiste obair dhoirneogach agus tásca eile de ghníomhaíocht sa cheantar le linn tréimhse níos déanaí, sna meánaoiseanna is dócha.

Cuireadh an clár leanúnach obair chaomhantais ar bun i ndiaidh an taighde agus na tochailte seandálaíochta sa Chnoc Rua.  Cuireadh an carn ar ais i dtreo thaobh thuaidh an tséadchomhartha agus rinneadh é a dhaingniú lena chaomhnú fadtéarmach a chinntiú.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh faisnéise a fháil ar Thuama Pasáiste an Chnoic Rua

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol