Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Tuama Ursanach Chill Mhóg
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Tuama Ursanach Chill Mhóg
Faightear an tuama meigiliteach, tuama ursanach (ar a dtugtar dolmain) ar fhánaí thiar theas chnoc Carricktriss Gorse, atá thart ar 7km soir ó thuaidh de Mhuileann an Bhata. Tá leaganacha éagsúla ainmneacha ceangailte leis an tuama ursanach seo, ‘Leac an Scáil’, ‘Lachan Scahl’ agus ‘Leacán Scoil’ – Carraig Laochra, Cloch na hAltóra Móire agus Cloch an Laoich. Tugtar Leac an Scáil air go háitiúil, agus ag 5 mhéadar ó bhonn go barr na leice mullaigh, is é an dolmain is airde in Éirinn é. Tá níos lú ná 200 tuama ursanach fágtha in Éirinn, agus an ceann is cáiliúla ná Poll na Brón i gCo. an Chláir. Tá ainmneacha éagsúla ceangailte leis na láithreáin stairiúla seo, ina measc Leaba Dhiarmuid agus Gráinne, Uaigh na bhFathach, agus Altóir na nDraoithe. Tógadh agus úsáideadh tuamaí ursanacha idir 3800 RCR agus 3000 RCR.
Tá an tuama ursanach ar cheann de cheithre chineál tuamaí meigiliteacha a fhaightear ar fud na tíre agus is cairn chúirte, tuamaí pasáiste agus tuamaí dingeacha na cinn eile. Rinneadh tochailt fhorleathan ar roinnt bheag acu agus thángthas ar dhéantáin agus ar phíosaí cnámha daonna. Is séadchomhartha eisceachtúil é an tuama ursanach chun marc a chur ar láthair adhlactha.
Téann an tuama ursanach seo soir ó thuaidh go dtí siar ó theas, rud a chiallaíonn go mbíonn aghaidh an tuama ar aghaidh na gréine le linn ghrianstad an tsamhraidh. Luíonn an leac mhullaigh, atá níos ísle ar chúl agus níos airde chun tosaigh/ag an mbealach isteach, ar chloch dhín agus dhá chloch ursanacha, agus chun tosaigh tá cloch dorais, ar eibhear iad ar fad le féitheacha grianchloiche. Cruthaíonn an dá chloch ursanacha an bealach isteach chuig seomra taobh istigh a bhfuil clocha ar gach taobh de, seans gur láthair adhlactha a bhí ann. Tá an leac mhullaigh 5m faoi 3.2m sa mhéid is leithne, an chloch dhín íseal 2.41m faoi 1.85m, an chloch ursanach thoir 3.59m ar airde agus an ceann os a comhair, tá sí 3.55m ar airde. Is féidir rianta de charn/chlocha a fheiceáil go fóill ar an taobh thoir den séadchomhartha seo. Seans gur chlúdaigh an carn sin go leor den rud a fheicimid inniu, suas go dtí an leac mhullaigh. An ghné is iontaí den tuama ursanach seo an chuma dhifriúil atá air ag brath ar cén taobh óna mbreathnóidh tú air, rud a fhágann gur seoid dealbhóireachta é Leac an Scáil.
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Urmhumhan
Aimsigh seoid Thúdarach
Timpeall 11.7 km ón Tuama Ursanach Chill Mhóg
Mainistir Chistéirseach Sheireapúin
Ceann de na fothracha Cistéirseacha is breátha in Éirinn
Timpeall 13.9 km ón Tuama Ursanach Chill Mhóg
Prióireacht Cheanannais
Tabhair cuairt ar an suíomh eaglasta iata is mó in Éirinn
Timpeall 15.0 km ón Tuama Ursanach Chill Mhóg
Greyfriars/French Church
Timpeall 19.1 km ón Tuama Ursanach Chill Mhóg
Túr Reginald
Téigh isteach san fhoirgneamh pobail is sine in Éirinn
Timpeall 19.1 km ón Tuama Ursanach Chill Mhóg
Crannlann agus Páirc Chuimhneacháin JFK
Crannlann atá ar mhéid uachtaránachta.
Timpeall 24.1 km ón Tuama Ursanach Chill Mhóg