Skip to content

Oidhreacht Éireann

Tuama Ursanach Pholl na Brón

Uaigh shíoraí

Unguided sites

Poll na Brón
Contae an Chláir

Tuama Ursanach Pholl na Brón

Uaigh shíoraí

Unguided sites

Poll na Brón
Contae an Chláir

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Poll na Brón atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Tuama Ursanach Pholl na Brón

Tuama ursanach is ea Poll na Brón atá suite ag ceann de na háiteanna is airde i mBoirinn. Liag mhullaigh a bhfuil liaga seasta fúithi atá i gceist leis an tuama ursanach. Tá cloch mhór eile ar an talamh ar chúl an tséadchomhartha. Is dócha gur liag mhullaigh eile í a chlúdaíodh cúl an struchtúir.

Fuarthas taisí 33 fear agus bean anseo. Meastar gur cuireadh anseo iad idir 3800 agus 3200 RCh. Thángthas ar naíonán nuabheirthe ag an séadchomhartha fosta. Baineann cnámha an linbh leis an gCré-umhaois Luath (idir 1750 agus 1420 RCh), áfach.

Síltear sa lá atá inniu ann gur mharcóir talún treibhe é Poll na Brón le linn na Tréimhse Neoilití.

Nuair a bhíothas i mbun tochailte ag an séadchomhartha, thug na seandálaithe faoi deara go raibh cnámha na gcorp, diomaite den leanbh, trína chéile. Is dócha gur fágadh na coirp sin áit éigin eile a chéaduair lena lobhadh agus gur aistríodh go dtí an séadchomhartha meigiliteach iad ina dhiaidh sin. Níl a fhios againn cén fáth ar roghnaíodh na daoine sin lena gcur anseo, ach is eol dúinn gur bhain tábhacht de chineál éigin lena marbh siocair go bhfuarthas déantáin shuimiúla ann, mar shampla, siogairlín cnámh, cuid de bhiorán cnáimhe muisiriúncheannach, tua chloiche shnasta, dhá choirnín diosca cloiche, dhá mhórchriostal grianchloiche, scríobairí breochloiche agus seirte, cinn saighde, agus 60 scealp garbhchriadóireachta.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Thuama Ursanach Pholl na Brón

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol