Túrtheach Thearmann Feichín
Túrtheach a bhfuil radharc iontach uaidh ar Mhuir Éireann
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Túrtheach Thearmann Feichín
*Is féidir na heochracha chun dul isteach san fhoirgneamh atá ann a fháil ó theach béal dorais, ach éarlais €50 a thabhairt agus tá na sonraí uilig ar gheata isteach an túrthí*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Túrtheach Thearmann Feichín
Ba láthair mhainistreach thábhachtach é Tearmann Feichín i dtús ama, a dtugtaí ‘Túr Feichín’ air san am atá thart. De réir na dtaifead, ba é Naomh Feichín as Baile Fhobhair i gCo. na hIarmhí a bhunaigh in 665AD é. Tá iarsmaí dá stair thábhachtach eaglasta le feiceáil ar shuíomh an dá shéipéal luath, an ardchros shlán, bonn croise eile, agus leac chroise ar a bhfuil inscríbhinn. Dhearbhaigh an Pápa Celestine III mainistir le haghaidh na mBan Rialta Agaistíneach Canónach anseo in 1195AD, faoi ghuí na Maighdine Muire Beannaí.
Tá Túrtheach Thearmann Feichín ar cheann den dá fhoirgneamh daingnithe suntasacha dá bhfuil ann, é suite ar bharr cheann de na háiteanna is airde ar an mbaile, ar imeall na talún a théann síos le fána géar chuig líne chladaigh thoir Mhuir Éireann. Tá an túrtheach trí stór ar airde, uchtbhalla ar a bharr, chomh maith le túr fairtheora agus ardán ar an taobh cois farraige.
De réir roinnt taifead, cuireadh in airde é i ndiaidh choncas na Normannach ar Éirinn, agus de réir roinnt eile, téann sé siar go dtí tús an 16ú haois, nuair a bhí Anraí VIII Shasana i réim (1509-1547), cé gur seans go mbaineann sé le tréimhse níos luaithe ná an tréimhse sin, agus d’fhéadfaí gur cheann de na caisleáin agus túrthithe £10 a bhí ann, a théann siar go dtí idir 1429 agus 1439 nuair a bhí Anraí VI i réim, ar ordaigh an Rí go mbeidís 20 troigh ar fad, 16 troithe ar leithead agus 40 troigh ar airde.
Rinneadh dochar don túrtheach le linn Chogaí na Comhdhála in 1641, agus ina dhiaidh sin dheisigh an Captaen James Brabazon é agus rinne sé roinnt leasuithe air. In eagrán de Dublin Penny Journal in 1834, dúradh go raibh cónaí ar bhráithre bochta ann ag an am, agus gur “Teach na Sagart Cúnta” a thugtaí air. Sna 1860dí, ba leis an Urramach William Brabazon (1798-1882) ó Theach Rátha (Rath House), Tearmann Feichín, an túrtheach. Cuireadh é, in éineacht lena shinsir a raibh tailte acu sa cheantar áitiúil, sa tuama teaghlaigh i reilig Shéipéal na hÉireann i bhfoisceacht na háite.
Tógadh an foirgneamh le bloic aolchloiche i gcúrsaí garbha, bolláin agus gréabhaca, gaineamhchloch crua, dorcha. Tá doras aolchloiche, múnlaithe go garbh ag casúr, ar an túr. Bhíodh bealach isteach eile ann tráth agus tá iarsmaí líonta isteach an bhealaigh sin fós le feiceáil ar chlé ón oscailt atá ann anois. Tugann an doras seo isteach thú sa phasáiste an-bheag gan díon air. Tá staighre bíse ann i dtosach ar chlé a thugann suas go dtí an díon thú, agus ansin tá seomra boghtaí bairille ar an mbunurlár.
Tá teallach agus clóiséad, nó leithreas, ar an gcéad urlár, chomh maith le háit chun suí síos agus sos a ghlacadh. Tá clóiséad eile ar an dara hurlár agus tá fuinneoga beaga trídhuilleacha aon léis, déanta as eibhear, scoth na snoíodóireachta le feiceáil iontu, sa phríomhsheomra.
An ghné is suimiúla den túrtheach is ea an díon coirbéalta go galánta ar an tríú hurlár, nach bhfeictear ach ar fhoirgnimh a tógadh sa ré sin, agus a chuireann an seomra adhlactha coirbéalta sa tuama pasáiste réamhstairiúil i Sí an Bhrú, i gCo. na Mí, i gcuimhne dúinn.
Tá radharc iontach thar an bhfarraige ar an oirthear, agus ar an gceantar tuaithe máguaird freisin, i dtreo an tuaiscirt agus an deiscirt, agus thar an mbaile féin i dtreo an iarthair, ó na forbhallaí starracha céimnithe go galánta.
Níor cheart an foirgneamh seo a mheascadh suas le Caisleán Thearmann Feichín atá leagtha síos anois, a bhíodh suite ar imeall le fána in aice le habhainn Bhaile Uaitéir i lár an tsráidbhaile. Ba thearmann é an caisleán, ar feadh ráithe gach bliain, le haghaidh Ardeaspag Ard Mhacha. Sular dhóigh saighdiúirí Piúratánacha in arm Oilibhéir Chromail in 1641 é, ba é James Ussher (1581-1656), Ardeaspag Ard Mhacha agus Príomhach na hÉireann Uile an duine deireanach a raibh cónaí air ann.
Rinneadh cur síos ar iarsmaí an chaisleáin chomh fada siar agus 1748 in ‘Louthiana’ le Thomas Wright, agus in ‘The Antiquities of Ireland’ le Francis Gross in 1793, agus suas chomh fada le 1830, faoin ainm Torleckan Castle in ‘Picturesque Views of the Antiquities of Ireland, Volume 2’ le James Harding, a foilsíodh an bhliain sin. Faoin am a rinneadh léarscáiliú Suirbhéireachta Ordanáis ar an sráidbhaile i dtús na 1830dí, ní raibh dé ná deatach ar aon iarsma den chaisleán agus den túirín ciorclach starrach a bhíodh seasta in aice leis.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Thúrtheach Thearmann Feichín
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Ionad Cuairteoirí Chath na Bóinne – Eastát an tSeandroichid
Áit ar throid beirt ríthe ar mhaithe le todhchaí na hEorpa
Timpeall 10.9 km ón Túrtheach Thearmann Feichín
Láithreán Mainistreach Chistéirseach na Seanmhainistreach Móire
Tabhair cuairt ar an gcéad áit a bhunaigh na Cistéirsigh in Éirinn
Timpeall 13.1 km ón Túrtheach Thearmann Feichín
Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne: Sí an Bhrú, Cnóbha agus Dubhadh
Tabhair cuairt ar an tírdhreach seandálaíochta is saibhre in Éirinn
Timpeall 14.3 km ón Túrtheach Thearmann Feichín