Oidhreacht Éireann

Ardeaglais Ard Fhearta

Trí shéipéal mheánaoiseacha tiomanta do Naomh Breandán

Amanna oscailte go léir

Ardeaglais Ard Fhearta

Trí shéipéal mheánaoiseacha tiomanta do Naomh Breandán

See all opening times

Rochtain laghdaithe

Téigh isteach ag an ngnáthbhealach. Tá na ceantair taobh amuigh den láithreán oscailte.

Oscailte gach lá: 10:00 - 17: 15
Cead isteach saor in aisce.

Cead isteach

Duine Fásta: €5.00
Grúpa agus Seanóir: €4.00
Leanbh agus Mac léinn: €3.00
Teaghlach: €13.00

Getting here

Ard Fhearta
Trá Lí
Co. Chiarraí
V92 KR7P

Get Directions

Trip Advisor

4.5

Ardeaglais Ard Fhearta

Rugadh Naomh Breandán, an Loingseoir, i gceantar Ard Fhearta sa séú haois. Bhunaigh sé mainistir ansin go gairid sular thug sé faoin aistear cáiliúil go hOileán an Pharthais. Ba é cultas Bhreandáin a spreag na trí shéipéal mheánaoiseacha atá ar an suíomh céanna sa lá atá inniu ann.

Is í an eaglais an foirgneamh is sine, cuireadh tús lena tógáil sa dara haois déag. Tá fuinneog iontach ón tríú haois déag ann agus sraith thaibhseach de naoi bhfuinneog chaola sa bhalla ó dheas.

Eiseamláir den scoth den ailtireacht Rómhánach dhéanach is ea ceann den dá shéipéal bheaga. Tá an ceann eile, Teampall na Gríbhe, ainmnithe as snoiteán iontach taobh istigh de – a léiríonn gríobh agus dragan cónasctha.

Is fiú go mór do dhaoine atá an-tógtha leis an ailtireacht cuairt a thabhairt ar Ardeaglais Ard Fhearta.

Uaireanta Oscailte

2 Aibreán – 28 Deireadh Fómhair

Gach lá 10:00 – 18:00

Meánfhad cuairte: 1 uair

Cead  isteach deireanach 45 nóiméad roimh am dúnta

Uaireanta Oscailte Séasúracha

2 Aibreán

Oscailte 12:00

28 Deireadh Fómhair

Dúnta ag 13:00

Teagmháil

Ard Fhearta
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ciarraí
V92 KR7P

066 713 4711

Tabhair cuairt anseo

10km ó Thrá Lí ar an R551 (Bóthar Thrá Lí go Baile Uí Thaidhg).

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Bróisiúr
  • Taispeántas
  • Turais threoraithe

Srianta

  • Siúlóidí míchothrom

Treoir Shóisialta

Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Ardeaglais Ard Fhearta. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Ardeaglais Ard Fhearta.

Íoslódáil an Treoir Shóisialta

Súimh cóngarach chun cuairt a thabhairt

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.

Seol