Caisleáin
Is cosantóirí maorga na staire iad caisleáin na hÉireann. Dá mbeadh ballaí in ann labhairt d’inseodh na caisleáin seo faoi eachtraí an-chorraitheach, cathanna cróga, léigir mhisniúla agus gaiscí glice. D’inseodh siad scéalta faoi treibhe agus teaghlaigh, tiarnaí uaisle, mná forránacha agus roinnt sealbhóirí nach raibh fáilte rompu – cuid de ghréasán casta scéal na hÉireann.
Fiosraigh daingin agus túir mhaorga na gcaisleán sin a bhí ina siombailí den chumhacht pholaitiúil thar aon rud eile le linn a ré. Féach ar an radharc ó na forbhallaí maorga agus déan iarracht poill cheilte an uafáis agus seomraí rúnda a aimsiú.
Lig dár dtreoraithe oilte scéalta na sárphíosaí ailtireachta seo agus a lucht cónaithe fíochmhar a insint.
Caisleán Bhaile Átha Cliath, Caisleán Ráth Fearnáin, Caisleán na dTuath, Caisleán Dhún na nGall, Caisleán Bhaile Átha an Rí, Caisleán Achadh na nIúr, Caisleán Parke, Caisleán agus Gairdíní Phort Omna, Caisleán Lios Tuathail, Caisleán an Rois, Caisleán Mhaigh Nuad, Caisleán Chill Chainnigh, Caisleán Áth Dara, Halla Dheasumhan, Caisleán Bhaile Átha Troim, Caisleán na Cathrach, Caisleán Urumhan, Carraig Phádraig, Caisleán Dhún Garbhán, Túr Raghnaill, Caisleán Bhaile Hac, Caisleán Fhearna, Ionad Oidhreachta Ros Cré – Caisleán Ros Cré agus Teach Damer

Caisleán Áth Dara
Sárshaothar meánaoiseach, a tógadh mar chosaint

Caisleán Bhaile Átha an Rí
Suaitheantas de thiarnas na Normannach

Caisleán Achadh na nIúr
Seoid stairiúil i gcroílár Chonamara

Caisleán Bhaile Hac
Faigh blaiseadh de shaol na Meánaoiseanna

Caisleán Chúirt an Bharraigh
Túrtheach breá Éireannach a bhfuil lorg catha air

Caisleán na Cathrach
Daingean cosanta ón tríú haois déag

Caisleán Iarla Dheasumhan, Cionn tSáile
Foirgneamh ag croílár stair Chionn tSáile

Caisleán Dheasumhan – An Caisleán Nua Thiar
Áit a ndéanann fuaimeanna ragairne na meánaoise macalla timpeall na mballaí

Caisleán na dTuath
Dúnfort cois uisce a bhfuil stair an-chorraitheach ag baint leis

Caisleán Dhún na nGall
Ceann de na caisleáin Ghaelacha is áille in Éirinn

Caisleán Dhún Garbhán
Turas ar ais chuig tús riail na nAngla-Normannach in Éirinn

Caisleán Fhearna
I gcliabhán thiarnas na nAngla-Normannach

Caisleán Chill Chainnigh
An tseoid is luachmhaire i gcathair dhraíochtúil mheánaoiseach

Caisleán Lios Tuathail
Urdhún deireanach na Mhuireasach

Caisleán Mhaigh Nuad
Spléachadh ar shaol i ndaingean Normannach

Caisleán Urmhumhan
Aimsigh seoid Thúdarach

Caisleán Parke
Lean lorg na bplandálaithe agus na nGael

Caisleán agus Gairdíní Phort Omna
Breáthacht ón seachtú haois déag ar bhruacha Loch Deirgeirt

Caisleán Ráth Fearnáin
Caisleán Eilíseach ionspioráideach gar do Bhaile Átha Cliath

Caisleán agus Gairdíní Ros Cré, agus Teach Damer/ Muilte Dubha
Áit a léiríonn cumhacht mheánaoiseach agus galántacht ón ochtú haois déag

Caisleán an Rois
Daingean cois locha atá ar maos le seanchas

Caisleán Bhaile Átha Troim
An siombal is mó le rá de chaithréim na Normannach

