Oidhreacht Éireann

Caisleán an Rois

Daingean cois locha atá ar maos le seanchas

09:30 – 17:45

Amanna oscailte go léir

Caisleán an Rois

Daingean cois locha atá ar maos le seanchas

09:30 – 17:45

See all opening times

Rochtain laghdaithe

Cead isteach trí thuras treoraithe amháin
Uaslíon: 6
Turais in aghaidh na huaire 10:00 -17:00
Ní gá áirithint a dhéanamh roimh ré: tagadh do sheal mar a tháinig tú féin
Cead isteach Saor in Aisce

Cead isteach

Duine Fásta: €5.00
Grúp-Ráta & Daoine Scothaosta: €4.00
Páiste/Mac Léinn: €3.00
Ráta Clainne: €13.00

Getting here

Caisleán an Rois,
Bóthar an Rois,
Cill Airne,
Co. Chiarraí
V93 V304

Get Directions

Trip Advisor

4.5

Caisleán an Rois

Tá Caisleán an Rois suite i ngóilín ar Loch Léin. Is cosúil gur thóg an taoiseach Gaelach Ó Donnchú Mór é sa chúigiú haois déag.

De réir an tseanchais, tá Ó Donnchú ina chodladh fós faoi uisce an locha. Gach seacht mbliana, ar an gcéad mhaidin de Mhí na Bealtaine, éiríonn sé aníos ar a chapall breá bán. Má éiríonn leat spléachadh a fháil air, beidh rath ort ar feadh an chuid eile de do shaol.

Ba é Caisleán an Rois an áit deiridh i gCúige Mumhan a sheas an fód i gcoinne Chromail. Bhí a chuid cosantóirí, a bhí faoi cheannas Thiarna Mhúscraí ag an am, dóchasach de bharr tairngreachta a dúirt nach bhféadfadh ach long an caisleán a ghabháil. Bhí eolas ag an nGinearál Ludlow, ceannasaí arm Chromail, ar an tairngreacht agus chuir sé bád mór amach ar an loch. Nuair a chonaic na cosantóirí é, cuireadh dlús leis an ngéilleadh, agus fíoraíodh an tairngreacht.

Uaireanta Oscailte

28 Feabhra – 1 Samhain

Gach Lá 09:30 – 17:45

Meánfhad Cuairte: 1 uair

Cead isteach deireanach 1 uair roimh am dúnta

 

Fógra

Níl rochtain go héasca dóibh siúd le míchumais.

Tabhair faoi deara, le do thoil, gur láthair thar a bheith gnóthach é seo agus d’fhéadfadh go mbeadh moill ann i rith mhíonna an tsamhraidh.

Caithfidh grúpaí le 10 daoine nó níos mó cuairt a chur in áirithint roimhré.

Teagmháil

Caisleán an Rois,
Bóthar an Rois,
Cill Airne,
Co. Chiarraí
Ciarraí
V93 V304

064 663 5851

Tabhair cuairt anseo

2km ó Chill Airne, gar don N71 (Bóthar Neidín)

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Bróisiúr
  • Carrchlós
  • Taispeántas
  • Siopa bronntanas
  • Turais threoraithe
  • Taispeántas léirmhínitheach
  • Músaem
  • Bealach siúil
  • Tá rochtain éasca ag cathaoireacha rothaí air

Srianta

  • Coinnigh an ráille láimhe
  • Siúlóidí míchothrom

Súimh cóngarach chun cuairt a thabhairt

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.

Seol