Oidhreacht Éireann

Carraig Phádraig

Ard-Rí shéadchomharthaí na hÉireann

09:00 – 17:30

Amanna oscailte go léir

Carraig Phádraig

Ard-Rí shéadchomharthaí na hÉireann

09:00 – 17:30

See all opening times

Rochtain laghdaithe

Taobh amuigh amháin oscailte
Áirithint ag teastáil
Gan Leithris nó Café
Féin-threoir amháin
Séipéal Chormaic, Halla Chór na mBiocairí agus Closamharc dúnta
Cead isteach deireanach 16:45 go docht
Cead isteach ar leathphraghais

Cead isteach

Duine Fásta: €8.00
Grúp-Ráta & Daoine Scothaosta: €6.00
Páiste/Mac Léinn: €4.00
Teaghlach: €20.00

BOOK ONLINE

Getting here

Carraig Phádraig
Caiseal
Co. Thiobraid Árann
E25 KX44

Get Directions

Trip Advisor

4.5

Follow us

Carraig Phádraig

Cuimsíonn Carraig Phádraig, a bhfuil suntas íocónach staire ag baint léi agus atá suite ar lomán aolchloiche i Machaire Méith na Mumhan, an cnuasach d’fhoirgnimh mheánaoiseacha is iontaí in Éirinn. I measc na séadchomharthaí atá le feiceáil ansin, tá cloigtheach, ardchros, séipéal Rómhánach, ardeaglais Ghotach, mainistir, Halla Chór na mBiocáirí agus caisleán ón gcúigiú haois déag.

Ba ann a bhí ceannáras Ríthe na Mumhan i dtús aimsire, agus de réir an tseanchais tháinig Naomh Pádraig féin anseo chun an Rí Aenghus a thiontú ina Chríostaí. Corónaíodh Brian Bóramha mar Ard-Rí ag Carraig Phádraig in 990 agus bhí sí mar cheanncheathrú aige ina dhiaidh sin.

Bronnadh an suíomh ar an eaglais in 1101 agus tháinig Carraig Phádraig chun cinn go tapa mar cheann de na lárionaid ba shuntasaí sa tír maidir le cumhacht na heaglaise.

Tá na foirgnimh atá fós ar an suíomh go hiontach ar fad. Mar shampla, tá na freascónna Rómhánacha atá i Séipéal Chormaic uathúil mar nach bhfuil ann ach iad in Éirinn.

Ní haon ionadh mar sin go bhfuil Carraig Phádraig ar cheann de na hionaid turasóireachta is mó a dtugtar cuairt air in Éirinn.

Uaireanta Oscailte

Cead isteach deireanach 45 nóiméad go docht roimh am dúnta.

Meánfhad cuairte 1 – 1.5 uair

 

Uaireanta Oscailte Séasúracha

Lár Mhárta - Lár Dheireadh Fómhair

Gach lá 09:00 – 17:30

Cead isteach deireanach 16:45

Lár Dheireadh Fómhair - Lár Mhárta

Gach lá 09:00 – 16:30

Cead isteach deireanach 15:45

Fógra

Dúnta 24 – 26 Nollaig, an dá lá sin san áireamh.

Tabhair do d’aire nach mór do gach grúpa réamháirithint a dhéanamh.

Iarrtar ar thionscnóirí turas atá ag tabhairt cuairt ar Charraig Phádraig gan tiomáint díreach chuig an suíomh ach dul chuig an gcarrchlós is gaire dóibh.

Teagmháil

Carraig Phádraig
Caiseal
Co. Thiobraid Árann
Tiobraid Árann
E25 KX44

062 61437

Tabhair cuairt anseo

I gCarr – Carrchlós poiblí gar don láithreán.

Ar an mBus – Gabh an X8 go Caiseal agus siúl 500m ó lár bhaile Chaisil amach ó Bhóthar Bhaile Átha Cliath.

Ar an Traein – Is é an stáisiún traenach is gaire ná Durlas.

 

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Ealaín
  • Seó Closamhairc
  • Bróisiúr
  • Páirceáil cóiste
  • Ionad Imeachtaí
  • Taispeántas
  • Siopa bronntanas
  • Turais threoraithe
  • Músaem
  • Tá rochtain éasca ag cathaoireacha rothaí air

Srianta

  • Coisbheart oiriúnach
  • Madra treorach amháin
  • Coinnigh an ráille láimhe
  • Doras íseal
  • Ná dreap
  • Siúlóidí míchothrom

Súimh cóngarach chun cuairt a thabhairt

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.

Seol