Oidhreacht Éireann

Cúirt Ioma

Sárshampla den ailtireacht nuachlasaiceach

08:30 – 20:30

Amanna oscailte go léir

Cúirt Ioma

Sárshampla den ailtireacht nuachlasaiceach

08:30 – 20:30

See all opening times

Rochtain laghdaithe

Tá an teach dúnta go dtí go bhfógrófar a mhalairt ach tá an fearann ar oscailt.

Cead isteach

Tá cead isteach saor in aisce do 2020 mar gheall ar oibreacha atá ar siúl ar an láithreán.

Getting here

Ioma
Co. Laois
R32 C44V

Get Directions

Trip Advisor

4.5

Follow us

Cúirt Ioma

Sampla den scoth de Theach Mór nuachlasaiceach is ea Cúirt Ioma, atá suite i lár Shliabh Bladhma. Chuaigh an t-ailtire cáiliúil, James Gandon, a bhí díreach críochnaithe lena chuid oibre ar Theach an Chustaim agus ar na Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath, i mbun oibre ar Chúirt Ioma in 1790. Ainneoin sin, níor críochnaíodh an foirgneamh atá ina sheasamh ansin anois go ceann 70 bliain ina dhiaidh sin.

Bhí an t-eastát mar áit chónaithe ag iarlaí Chúl an tSúdaire nó gurbh éigean dóibh imeacht as Éirinn go buan de bharr Chogadh na Saoirse. Ghlac na hÍosánaigh seilbh ar an áit roinnt blianta ina dhiaidh sin, agus is ann a cuireadh oiliúint ar thart ar 500 nóibhíseach de chuid an oird nuair a bhí sí mar Nóibhíseacht ag Proibhinse na hÉireann.

Ghlac an Maor Cholmeley-Harrison seilbh ar Chúirt Ioma sna 1960idí agus rinne sé athchóiriú iomlán uirthi. D’oscail sé na gairdíní áille agus an fearann páirce don phobal agus i ndeireadh na dála bhronn sé an t-eastát go léir ar mhuintir na hÉireann in 1994.

Anois is féidir leat taitneamh a bhaint as turas ar an teach agus ansin do scíth a ligean sa seomra tae gleoite. Is eiseamláir de dhearadh tírdhreacha sa stíl nuachlasaiceach iad na gairdíní, ina bhfuil faichí foirmiúla, loch agus siúlóidí coille agus iad ag fanacht nó go bhfiosróidh tú iad.

Uaireanta Oscailte

Ar oscailt an bhliain ar fad, ach amháin Lá Nollag.

Meánfhad cuairte: 1 uair

Uaireanta Oscailte Séasúracha

Eanáir, Feabhra, Samhain, Nollaig

08:30 – 16:30

Márta & Deireadh Fómhair

08:30 – 17:00

Aibreán & Meán Fómhair

08:30 – 19:00

Bealtaine - Lúnasa

08:30 – 20:30

Fógra

Tabhair faoi deara: Ní osclófar an teach ag Cúirt Ioma do chuairteoirí in 2020 mar gheall ar oibreacha athchóirithe ach athosclóidh sé i 2021 le tairiscint fheabhsaithe do chuairteoirí.

Le linn 2020, beidh an fhearann páirce ag Cúirt Ioma ar oscailt mar is gnách, saor in aisce, leis na huaireanta oscailte séasúracha céanna.

Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht.

Teagmháil

Ioma
Co. Laois
R32 C44V

057 862 6573

Tabhair cuairt anseo

2.5km ó Ioma. (Is féidir teacht ar ón mbóthar ó Chill Dara go Port Laoise – N7) 7km ó stáisiún traenach Chúil an tSúdaire

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

    Srianta

      Súimh cóngarach chun cuairt a thabhairt

      B’fhéidir gur mhaith leat freisin

      Cárta Oidhreachta

      Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

      Tuilleadh eolais

      Bí ar ár liosta seoltaí

      Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.

      Seol