Skip to content

Oidhreacht Éireann

Tithe Maorga

8 áit liostaithe thíos

Léiríodh ceann de bhuaicphointí na hailtireachta i nua-aois luath na hÉireann sna tithe maorga agus sna gairdíní foirmiúla a bhí bainteach leo ar fud na tíre.

Tá cuid mhaith de na tithe seo maisithe go galánta leis an troscáin bunaidh agus tá taisce déantúsán agus iarsmaí iontu ó na teaghlaigh a bhí ina gcónaí lá den saol iontu.

Faigh amach faoi áitritheoirí eisceachtúla na dtithe seo agus faoina saolta an-spéisiúil. Faigh amach faoi scéal Elizabeth St Leger as Eastát Dhún ar Aill, an chéad bhean ar domhan a bhí ina Máisiún; faoin ealaíontóir cáiliúil Derek Hill, a bhí ina chónaí agus ag obair i dTeach Gléibe ó na 1950idí go dtí na 1980idí; nó faoi Dhónal Ó Conaill, an Fuascailteoir, ceann de mhórphearsana stair na hÉireann, arbh é Teach Dhoire Fhionáin i gContae Chiarraí teach a mhuintire.

Teach agus Eastát Farmleigh, Eastát Dhún ar Aill, Oileán an Chuilinn – Garinis, Teach Gléibe agus an Gailearaí, Teach Dhoire Fhionáin, Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin, Cúirt Ioma, Cath na Bóinne

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.